Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Sam Wood |
Príomhcharachtair | |
Léiriú | Harry Rapf |
Script | Howard Emmett Rogers |
Ceol | William Axt |
Grianghrafadóireacht | James Wong Howe |
Comhlacht léiriúcháin | Metro-Goldwyn-Mayer |
Dáileoir | Metro-Goldwyn-Mayer |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Céadléiriú | 1935 |
Fad ama | 82 min |
Bunteanga | Béarla |
Dath | dubh agus bán |
Cur síos | |
Seánra | scannán coiriúlachta |
Is scannán dráma coireachta Meiriceánach ó 1935 é Whipsaw a stiúir Sam Wood. Myrna Loy agus Spencer Tracy a bhí sna príomhpháirteanna. Howard Emmett Rogers a scríobh é, bunaithe ar scéal le James Edward Grant. Baineann an scéal le gníomhaire rialtais ag obair faoi cheilt ag taisteal ar fud na tíre le bean nach dtuigeann an sórt oibre atá ar siúl aige. Tá sé ag súil go dtabharfaidh sí é chuig drong gadaithe seod. Ba é Harry Rapf a léirigh an scannán do Metro-Goldwyn-Mayer, agus eisíodh é ar an 18 Nollaig 1935 sna Stáit Aontaithe.