Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1600 |
Bás | 1689 88/89 bliana d'aois |
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, polaiteoir |
Teangacha | An Choirnis |
Teaghlach | |
Siblín | Robert Scawen |
Bhí William Scawen (1600–1689) ar dhuine de na ceannródaithe in athbheochan na Coirnise. Polaiteoir a bhí ann a shuigh i dTeach na dTeachtaí sa bhliain 1640 agus a throid ar son cúis na ríogaithe i gCogadh Cathartha Shasana .
Ba mhac é Scawen le Robert Scawen ó Lannaled agus Isabella Nicholls, iníon Humphrey Nicholls ó Eglostudi.[1][2] Fear uasal Coirneach ba ea é agus Leas-Mhaor ar na Stannaries. I mí Aibreáin 1640 toghadh é ina Theachta Parlaiminte ar son Lannaled agus ar son Logh Thoir, sa Pharlaimint Ghearr. Níor mhair an pharlaimint fada go leor chun gach toghchán dúbailte dá leithéid a réiteach. Thacaigh sé le cúis na Ríogaithe sa Chogadh Cathartha agus throid sé taobh le saighdiúirí a raibh an Choirnis acu.[3] Ar Athchur na Seacaibíteach, bhí sé ar dhuine díobh sin a moladh don onóir 'Ridire na Darach Ríoga' (Knight of the Royal Oak).
Thuig Scawen go raibh an Choirnis ag fáil bháis agus scríobh sé lámhscríbhinní mionsonraithe ar thosaigh sé ag obair orthu nuair a bhí sé 78. Idir 1679 agus 1680, rinne sé aistriúchán Béarla ar dhán na Páise ón Choirnis mheánaoiseach Pascon agan Arluth. (Gaeilge: Páise ár dTiarna) [3] I measc a phríomhshaothair bhí breathnóireachtaí ar an lámhscríbhinn ársa, dar teideal, "Passio Christi", a scríobhadh sa Choirnis, agus atá anois caomhnaithe i Leabharlann Bodleian ag Ollscoil Oxford (foilsithe i Londain i 1777). Tá cuntas ann ar theanga, ar mhodhanna agus ar nósanna mhuintir an Choirn. Ba é an t-aon leagan a foilsíodh riamh ná an chéad dréacht gairid, ach tá na céadta leathanach ar fad sa lámhscríbhinn, a d’athraigh sé go leanúnach go dtí a bháis – agus nótaí beaga sáite tríd síos ina lámhscríbhneoireacht atá ag éirí níos doléite. D’aithin sé sé chúis dhéag le meath na Coirnise lena n-áirítear fuath na n-uasal don teanga, cóngaracht Devon ina labhraítear Béarla, cailleadh taifead sa Chogadh Cathartha, easpa Bíobla sa Choirnis, deireadh le léirithe dráma míorúilteach sa teanga dhúchais agus cailliúint teagmhála leis an mBriotáin.[3]
Phós Elizabeth Scawen, a dheirfiúr, Martin Keigwin, agus ba í máthair John Keigwin. Bhí lucht na Keigwin gníomhach freisin ag cur athbheochan na Coirnise chun cinn.[4]