Cineál | irisleabhar léannta |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Fhraincis, an Spáinnis, an Ghearmáinis, Béarla agus ilteangacha |
Am tosaigh | 1897 ![]() |
Tréith | |
Príomhábhar | léann Ceilteach |
Eagarthóir | Stefan Zimmer ![]() |
Foilsitheoir | Ollscoil Bonn ![]() |
Aitheantóirí | |
ISSN | 1865-889X agus 0084-5302 |
Suíomh | zcp.uni-bonn.de ![]() |
Is iris acadúil de chuid an léinn Cheiltigh í Zeitschrift für celtische Philologie (Gearmáinis ar "iris um fhocleolaíocht cheilteach"), a bunaíodh sa bhliain 1897 ag na scoláirí Gearmánacha Kuno Meyer agus Ludwig Christian Stern.[1] Ba í an chéad iris a bhí dírithe go heisiach ar na dteangacha Ceilteacha agus ar litríocht agus an iris shuntasach is sine de chuid an léinn Cheiltigh atá ar marthain. Tá a béim ar an Ghaeilge Luath agus a litríocht agus ar na dteangacha Ceilteacha de chuid na Mór-roinne., ach faigheann gnéithe eile den fhileolaíocht agus litríocht Cheilteach (lena n-áirítear litríocht nua-aimseartha) aird freisin.
Cé is moite de Stern agus Meyer, áirítear Julius Pokorny, Ludwig Mühlhausen, Rudolf Thurneysen, Rudolf Hertz, Heinrich Wagner, Hans Hartmann, agus Karl Horst Schmidt i measc na n-eagarthóirí roimhe seo .[2] Is iad na príomheagarthóirí reatha ná Jürgen Uhlich, Torsten Meißner agus Bernhard Maier.
Chomh maith leis na himleabharan rialta, bíonn foshraith ann freisin, Buchreihe der Zeitschrift für celtische Philologie.