Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 haois ↔ 6 haois |
Bás | 618 |
Rí na Mumhan | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Mór Mhumhan, Maol Dúin mac Aodha Beannáin |
Rí na hIarmhumhan, agus b'fhéidir Rí na Mumhan, den Eoghanacht Locha Léin ba ea Aodh Beannáin Mac Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Áed Bennán mac Crimthainn) (bás 618).[1] Ba gharmhac Dauí Iarlaithe mhic Mhaithne é, é siúd féin ina rí na Mumhan.[2]
Níl na hannála ar aon intinn, agus Aodh is Finghin mac Aodha Dhuibh (bás 618) den ghéag Caisil á phlé acu. I nAnnála Tiarnaigh, insítear gur Rí na Mumhan é Aodh, i gcoróin roimh Fhinghin.[3] I nAnnála Uladh agus Annála Inis Faithlinn, ní thugtar teideal dó ina thásc.[4] I nAnnála na gCeithre Máistrí, níl sé ach rí na hIarmhumhan, ach insítear a leanas faoi:[5]
Aodh Bendan A sciath an tan fo-crotha |
Aodh Beannáin, A sciath an tan[11] a croitheadh, |
De réir an seanscéil Mór Muman & Aided Cuanach mac Ailchine, bhí a iníon Mór (bás 636) pósta le Finghin agus níos deireanaí lena chomharba Cathal mac Aodha (bás 627).[12] Sa chéad ghlúin eile, ba chúis achrainn idir na hEoghanachta Locha Léin agus Gleanndamhnach í iníon eile leis, Ruithchern.[13] Is dócha go gcuireann an cogadh seo in iúl cumhacht na ngéag seo, i gcomparáid le dreamanna eile amhail is an Chorca Laidhe, Corca Dhuibhne agus Ciarraí as Iarmhumhain; agus an Corca Mrua agus Corca Bhaiscinn as Tuadhmhumhain.[14]
Ba iad Maol Dúin mac Aodha Bheannáin (bás 661) agus Cummíne a mhic a bhfuil aithne againn orthu.