I miotaseolaíocht na nGael, rí Éireann na bhFear Bolg i gcúige Chonnacht ba ea Aonghas mac Úmhór (Sean-Ghaeilge Áengus mac Umor).
Chuir na Gaeil an ruaig ar mhuintir Aonghasa, agus chuaigh sé i gceannas leo go dtí Cuan na Gaillimhe agus Oileáin Árann.[1] De réir seanchais, thóg sé Dún Aonghasa ar Inis Mór, atá fós ainmnithe as. Meastar ag scoláirí gur tharla na heachtraí seo sa 2a haois RC.[2]
Lonnaigh Conall Caol mac Aonghasa agus a mhuintir i ríocht Aidhne.