Ainm sa teanga dhúchais | (en) Edward Balliol |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1283 |
Bás | Eanáir 1364 80/81 bliana d'aois Doncaster, England |
Monarc na hAlban | |
24 Meán Fómhair 1332 – 1336 ← Dáibhí II, Rí na nAlbanach – Dáibhí II, Rí na nAlbanach → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Teaghlach | |
Teaghlach | Teaghlach Balliol |
Céile | Margaret of Taranto (en) |
Athair | John de Balliol agus Isabella de Warenne |
Bhí Èideard Balliol nó Édouard de Balliol ina éilitheoir ar ríchathaoir na hAlban le linn Dara Cogadh Neamhspleáchas na hAlban. Le cabhair ó Shasana, rialaigh sé codanna den ríocht ó 1332 go 1356.
Ba é Èideard an mac ba shine ag John de Balliol agus Isabella de Warenne . Agus é ina leanbh, bhí Èideard geallta le Isabelle de Valois, an iníon ba shine le Charles de Valois (1271–1325) agus a chéad bhean Marguerite d'Anjou (1273–1299). D’éirigh a athair John as a theideal mar Rí na hAlban sa bhliain 1296, agus is dócha gurbh é sin ba chúis le Rí na Fraince an conradh pósta a bhriseadh agus gealltanas a thabhairt do Isabelle ina ionad sin le Jean,mac d'Arhur II na Briotáine.
I ndiaidh géilleadh dá athair, bhí Balliol ina phríosúnach i dTúr Londan go dtí 1299, nuair a scaoileadh saor é faoi chúram a sheanathar Jean de Warenne, 6ú Iarla Surrey . B’fhéidir go raibh baint ag Balliol le “Comhcheilg de Soules”, plota chun an rí Raibeart I a scriosadh agus b’fhéidir Balliol a hinsealbhú ar an ríchathaoir faoi cheannas William II de Soules .[1] [2] B’fhéidir gur phós Balliol Margaret de Taranto, iníon Philippe d'Anjou, thart ar 1331. Má tharla an pósadh seo, bhí sé gan chlann agus bhí sé ar neamhní faoin am a rinne Balliol a thairiscint do choróin na hAlban sa bhliain 1332. [3]