Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Meitheamh 1762 Callainn |
Bás | 29 Lúnasa 1844 82 bliana d'aois Port Láirge |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus aindiachaí |
Gníomhaíocht | |
Gairm | oideolaí |
Ardú | |
Lá féile | 5 Bealtaine |
Suíomh gréasáin | edmundrice.org.au… |
Bhunaigh Éamann Iognáid Rís (Béarla: Edmund Ignatius Rice; 1 Meitheamh 1762 – 29 Lúnasa 1844) Bráithre na Toirbhirte (ca 1802-8) agus Ord na mBráithre Críostaí (ca 1820).[1]
Rugadh an Ríseach ar an 1 Meitheamh 1762 i gCallainn, Contae Chill Chainnigh. Feirmeoirí ab ea a thuismitheoiri, Roibéard Rís agus Margaret Tierney.
Fuair a bhean bás óg agus ansin dhíol an Ríseach a raibh aige agus rinne a shaol a thíolacadh d’oideachas na mbocht. Chun a aidhm a chur chun cinn bhailigh an Ríseach gasra fear a bhí ar aon aigne leis le chéile agus thóg siad móideanna creidimh go saothróidís le chéile ag cur oideachais ar bhuachaillí Caitliceacha. Ansin scaip an gluaiseacht ar fud na hÉireann, agus ar fud an domhain, go háirithe na daoine ba bhoichte.[2]
Is eiseamláir é de dhuine a ghlacann go gealgháireach foighneach le cibé cros a thugann Dia dó le hiompar, ba aspal tuata é go firinneach, agus duine a bhí tíolachta go daingean don bheatha rialta.[3]
Fuair sé bás i gCnoc Sióin, Port Láirge agus in aois 76 bliana dó.
Nollaig Ó GADHRA - Éamann Iognáid Rís (1977)[4][5]