Éisc óga

Bradán óg (Oncorhynchus tshawytscha), le gainní agus eití oibre

Téann éisc óga trí chéimeanna éagsúla idir breith go dtí tairseach na haosachta. Tosaíonn siad mar uibheacha a thagann amach mar larbhaí. Ní bhíonn na larbhaí in ann a mbeatha féin a fháil, ach bíonn sac an bhuíocáin acu chun iad a chothú. Sula n-imíonn an sac ina hiomláine, ní mór an t-iasc beag bídeach a bheith in ann é féin a bheathú. Nuair a bheidh siad a fhorbairt chun an pointe ina bhfuil siad in ann iad féin a bheathú, tugtar gealóga ar na héisc óga seo. Nuair a fhásann slanntracha éisc orthu agus eití oibre bíonn an t-aistriú go éisc óga críochnaithe agus tugtar 'fingrtlings' orthu sa Bhéarla. Bíonn na héisc de ghnáth ar mhéid do mhéara! Maireann an chéim óg seo go dtí go mbíonn an t-iasc fásta go hiomlán, aibí go gnéasach agus ag idirghníomhú le éisc fásta eile.

Bíonn luthchéimeanna forbartha faoi leith ag roinnt grúpaí iasc. Sonraíonn na hailt seo na céimeanna agus na hainmneacha faoi leith a úsáidtear le haghaidh bradán óg.

  • Gilidíní nó géiteoga - Tosnaíonn agus críochnaíonn timthriall na beatha sna bradáin, de ghnáth, i gcúiluiscí nó marbhuiscí sruthanna agus aibhneacha. Is iad seo láithreacha sceite na mbradán, áit ina gcuirtear uibheacha i dtaisce le haghaidh sábháilteachta sa ghairbhéil. Is iad na láthair sceite freisin na hiasclanna bradán, ag soláthar timpeallacht níos cosanta ná mar a fhaightear sna farraigí de ghnáth. Tar éis 2 go 6 mhí tagann larbhaí bídeacha amach ó na huibheacha ar a dtugtar gilidíní saic. San sac an chuid eile den bhuíocán ag na gildíní, agus fanann siad i bhfolach sa ghairbhéal ar feadh cúpla lá le linn dóibh an buíocán a ithe.
  • Gildíní - Nuair atá an sac nó an buíocán beagnach imithe ní mór do na héisc óga bia a fháil dóibh féin, agus mar sin fágann siad cosaint an gairbhéal agus tosnaíonn siad ag ithe ar an phlanctón. Ag an bpointe seo tugtar gildíní ar na bhradáin óga.
  • Dolgóga - Ag deireadh an tsamhraidh bíonn fás tagtha ar na ghildíní agus anois tugtar dolgóga orthu. Beathaíonn dolgóga ar inveirteabraigh beaga agus duaithnithe le patrún de spotaí agus barraí ingearacha. Fanann siad sa chéim seo ar feadh suas le trí bliana.
  • Gealóga - Agus iad ag druidim ar an t-am nuair a bhíonn siad réidh le dul ar imirce amach ar an bhfarraige, cailleann na geallóga a mbarra duaithníochta agus téann siad faoi phróiseas athruithe fiseolaíocha a ligeann dóibh maireachtáil ó fhionnuisce go sáile. Ag an bpointe seo tugtar gealóga orthu. Caitheann na gealóga a gcuid ama sna breacsháilí san inbhir, fad is a mbíonn a gcuid coirpcheimic ag oiriúnú (osmairialú) go dtí na leibhéil salainn níos airde a bhéas acu san aigéan. Fásann freisin gainní geala orthu, chun creachadóirí a sheachaint.
  • Iarghealóga - Nuair a bhíonn siad aibithe go leordhóthanach, go déanach san earrach agus iad thart ar 15 go 20 ceintiméadar ar fad, snámhann na gealóga amach as na haibhneacha agus isteach san fharraige. Caitheann siad a gcéad bhliain mar iargealóga. Imíonn na hiarghealóga ina mbáirí, ina scoileanna, le hiaghealóga eile agus amach leo chun teacht ar meánna beathaithe sa domhainfharraige. Caitheamh siad suas le ceithre bliana eile mar bhradáin farraige fásta, agus forbraíonn a gcuid snámh iomlán agus cumas atáirgthe le linn an ama seo.