Reo, síos go dtí -20 °C nó níos lú fós, i reoiteoir cófra nó caibinéid. Taispeánann sraith réaltaí cumas an reoiteora an teocht a choinneáil íseal a dhóthain chun bia a chaomhnú ar feadh i bhfad. Comharthaíonn 4 réalta gur féidir bia a chaomhnú sa reoiteoir ar feadh 3 mhí. Is féidir bianna áirithe — mairteoil amh, glasraí, torthaí úr — a choinneáil ar feadh bliana.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |