Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Aibreán 1955 69 bliana d'aois An Chealtrach, Éire |
Tánaiste | |
9 Márta 2011 – 4 Iúil 2014 ← Máire Ní Chochláinn – Joan Burton → | |
An tAire Gnóthaí Eachtracha | |
9 Márta 2011 – 11 Iúil 2014 ← Brian Ó Comhain – Charles Flanagan → | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre | |
6 Meán Fómhair 2007 – 4 Iúil 2014 ← Pádraic Ó Coinín – Joan Burton → | |
Teachta Dála | |
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 30ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2007 | |
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 24 Eanáir 2005 – 3 Deireadh Fómhair 2007 | |
Teachta Dála | |
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 29ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2002 | |
Teachta Dála | |
26 Meitheamh 1999 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 28ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire | |
Teachta Dála | |
26 Meitheamh 1997 – 24 Eanáir 1999 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 28ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1997 | |
Teachta Dála | |
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 27ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1992 | |
Teachta Dála | |
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 26ú Dáil Toghcheantar: Dún Laoghaire Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1989 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, taidhleoir, ceardchumannaí |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
Ball de | |
Suíomh gréasáin | gilmore.ie |
Is polaiteoir Éireannach é Eamon Gilmore nó Éamon Mac Giollamóir (24 Aibreán 1955 a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre idir 2007 agus 2014. Is Teachta Dála é ar son Dhún Laoghaire sa Dáil ó 1989. Sa bhliain 2011 ceapadh é mar hTánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha.
D'fhógair Gilmore ar an 26 Bealtaine 2014 go raibh ag éirí as a phost mar cheannaire an pháirtí agus go mbeadh sé ag éirí as ról an Tánaiste ar an 4 Iúil 2014 tar éis gur éirigh go dona lena pháirtí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha.[1]
Rugadh Éamon Mac Giollamóir ar an 24 Aibreán 1955 sa Chealtrach, Contae na Gaillimhe. Fuair sé a chuid oideachais meánscoile i gColáiste Ghearrbhaile, Béal Átha na Sluaighe agus ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar chaith sé bliain mar Uachtarán Aontais na Mac Léinn.
Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn ó 1976 go 1978. Ag an am sin, bhí a ainm luaite le Sinn Féin Oifigiúil. D’oibrigh sé mar oifigeach ar Cheardchumann Oibrithe Iompair sna 1980idí.
Sa bhliain 1985, toghadh Mac Giollamóir mar chomhalta ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath. Toghadh é do Dháil Éireann den chéad uair in olltoghchán na bliana 1989 agus atoghadh é i ngach olltoghchán go dtí 2011.
Idir 1994 agus 1997 ba Aire Stáit é ag Roinn na Mara. Ó 1992 ba bhall den Daonlathas Clé é go dtí gur nascadh an páirtí sin le Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1999. Nuair a d'éirigh Pat Rabbitte as ceannaireacht an pháirtí i mí Lúnasa 2007, d'fhógair Mac Giollamóir go mbeadh sé ina iarrthóir don cheannaireacht. Fuair sé tacaíocht fhorleathan taobh istigh den pháirtí agus fógraíodh ina cheannaire é d'aon ghuth ar an 6 Meán Fómhair gan ballóid ar bith.
Níor ghlac sé páirt in Olltoghchán 2016.
D'éirigh sé ina Thoscaire Speisialta AE do Phróiseas na Síochána sa Cholóim in 2015.[2] Bronnadh Céim Dhochtúireachta le Dlíthe (honoris causa) ar Gilmore in 2016.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |