Is é is bun-bhrí leis an téarma Aifreann Laidineach ná "Aifreann i Laidin", ach úsáidtear é freisin le brí "Aifreann de réir deasghnáth Chomhairle Trent" (Missa Tridentina nó Aifreann Triontach).
I dtús na Críostaíochta is sa Ghréigis a ceiliúradh an tAifreann i gcathair na Róimhe, ach ón tríú aois ar aghaidh ceiliúradh é, ní amháin sa Róimh ach i ngach tír Iarthar Eorpa, i Laidin, teanga an léinn agus an chultúir sa limistéar sin go dtí an Athbheochan agus (i bhfoirm laghdaithe) do gtí an 19ú haois. Mar eisceacht, úsáidtí an tSean-Sláibh sa Bhalcáin le ceadú na bPápaí.[1][2]
Is é riail láithreach na hEaglaise, tar éis Dara Comhairle na Vatacáine, nach bhfuil iallach ar an sagart an Laidin a úsáid ag ceiliúradh an Aifrinn dó, ach ceadaítear dó í a úsáid i gcónaí, ach amháin in Aifrinn ar chlár lena gceiliúradh i dteanga an phobail (Redemptionis sacramentum, 112).
Tá Cumann an Aifrinn Laidinigh ann chun an Aifreann a chaomhnú in Éirinn mar ba ghnách é a cheiliúradh roimh 1970. Ceadaítear do na grúpaí a bhfuil ceangail eadarthu agus an fhoirm sin den Aifreann feidhm a bhaint as an Leabhar Aifrinn a d'fhoilsigh an Pápa Eoin XXIII sa bhliain 1962, in ionad an eagráin chomhaimseartha. Leis an litir Summorum Pontificum shocraigh an Pápa Beinidict XVI na rialacha a bhaineann le húsáid an Leabhar Aifrinn sin. [1] Sa bhliain 2021, chealaigh Pápa Proinsias Summorum Pontificum.