Buamáil Brighton (1984)

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Brighton
Íomhá
Map
 50° 49′ 17″ N, 0° 08′ 50″ O / 50.821388888889°N,0.14722222222222°W / 50.821388888889; -0.14722222222222
Cineálionsaí buamála
iarracht ar dhúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dena Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana12 Deireadh Fómhair 1984 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhÓstán Grand Brighton, England
Brighton, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocMargaret Thatcher Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe32 Cuir in eagar ar Wikidata
Armbuama ama Cuir in eagar ar Wikidata


Go moch maidin[1] an ar 12 Deireadh Fómhair 1984 réab buama cumhachtach Óstán an Grand in Brighton Shasana. Bhí comhdháil na gCaomhach, faoi stiúir Margaret Thatcher, ag teannadh chun críche agus óráid chlabhsúir le tabhairt ag bean an iarainn an lá sin.[2] Maraíodh cúigear agus gortaíodh 34 duine, cuid acu go han-dona,[3] i mbuamáil Brighton .

An Grand Hotel inniu
leagan amach ag an am
Patrick Magee agus Jo Berry, 2014

Faoi 1984 bhí na Trioblóidí faoi bharr lasrach. “Targaid fhoirfe” a bhí i gComhdháil na gCaomhach tráth, díoltas as na stailceanna ocrais a tharla le linn 1980-1981.

Tharla an pléascadh sa Grand Hotel le linn chomhdháil bhliantúil na dTóraithe.

Tháinig Príomh-Aire na Breataine, Margaret Thatcher, slán ón ionsaí. Níor chuir sí a hóráid ar ceal agus ag daoine áirithe i Sasana tá a hóráid an lá sin sa Táin. Ach sin ráite, ghoill an ionsaí go smior ar Thatcher gur éirigh leis an IRA ionsaí mar sin a dhéanamh ar a páirtí.[4]

Fogha fíochmhar ar bhunaíocht Shasana a bhí anseo ag an IRA agus baineadh creathadh astu. Bhí Trioblóid an Tuaiscirt tagtha go leic an dorais chucu.[2]

Dúirt an tIRA Sealadach níos déanaí, ‘Ní gá dúinne an t-ádh a bheith orainn ach aon uair amháin; ní mór daoibhse a bheith éifeachtach i gcónaí’.[5]

Ba bhall díograiseach den IRA sna 1970idí agus 1980idí é Patrick Magee, a throid in éadan riail na Breataine in Éirinn agus i Sasana. Leag sé an buama san óstán. Gabhadh an buamadóir.

I measc na marbh sa bhuamáil, bhí Sir Anthony Berry. Sna 2000idí, thosaigh a iníon, Jo, agus Patrick Magee ag caint ar an síocháin ag cruinnithe agus ag ceardlanna ar fud na cruinne. B'iarracht iad na cuimhní cinn seo comhthuiscint ar an am atá caite a chothú.[6]

In 2009, chuir an Grúpa Parlaiminte Uile-Pháirtí um Cheisteanna Coimhlinte (Teach na dTeachtaí)[7][8] agus an cumann carthanachta, The Forgiveness Project, cuireadh ar Patrick Magee labhairt taobh istigh i Westminster féin i gcuideachta Jo Berry ar maraíodh a hathair, Sir Anthony Berry, san eachtra.[9]

Bhí, agus tá, tionchar ag an gcaidreamh ag Magee le Jo Berry ar a dhearcadh. “Targaid fhoirfe” a bhí i gcomhdháil na gCaomhach tráth, díoltas as na stailceanna ocrais a tharla cúpla bliain roimhe sin. Anois, le taithí agus gaois na mblianta tá athrú meoin de shaghas tagtha ar Magee. Tuigeann sé gur duine daonna gach targaid. Tá sé, faoi mar a deir sé féin, “conflicted” faoi chúrsaí. Agus ní raibh sé sásta riamh aon sonraí a thabhairt faoi conas a pleanáladh agus a leagadh an buama.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Bombing Brighton: The Plot to Kill Thatcher (BBC1, 2024)[10][11]
  1. ag 2:54rn
  2. 2.0 2.1 2.2 Breandán M Mac Gearailt (11 Deireadh Fómhair 2024). "Saothar neamhchlaonta agus ionraic faoi bhuamáil Brighton" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-12.
  3. Gortaíodh mar shampla an tAire Norman Tebbit agus a bhean go dona sa phléascán. D'éirígh Tebbit as an Rialtas in 1987 chun aire a thabhairt dá bhean.
  4. Nuacht24 » gné-ailt/tuairim (4/8/2013). ""Margaret Thatcher, dubh agus bán"". tuairim2.rssing.com. Dáta rochtana: 2020-03-30.
  5. "Muna bhfuil Pálás na bPúcaí slán ó ionsaí buamála, cé atá slán uaidh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-03-30.
  6. Patrick Magee (Pluto Press, Feabhra 2021). "Where Grieving Begins" (en-IE). Pluto Press. Dáta rochtana: 2024-10-12.
  7. i mBéarla, an All-Party Parliamentary Group on Conflict Issues
  8. LinkedIn (2024). "Grúpa Parlaiminte Uile-Pháirtí um Cheisteanna Coimhlinte, Westminister". Dáta rochtana: 2024.
  9. Robert McMillen (Lúnasa 2010). "An Grá agus an Buam’ – de Ghrá an Réitigh" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-10-12.
  10. Jack Seale (2024-10-08). "Bombing Brighton: The Plot to Kill Thatcher review – her shaky post-blast interview says it all" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-10-12.
  11. "Brighton bomb: Daughter hopes killer can admit murder was wrong" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-10-12.