Cill Tiarnáin | ||||
---|---|---|---|---|
An Séipéal Gorm | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Contae riaracháin áitiúil | Dún Laoghaire-Ráth an Dúin | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1412143 |
Sráidbhaile atá suite i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin i gContae Átha Cliath é Cill Tiarnáin[1] (Béarla: Kilternan nó Kiltiernan) a mbíodh The Golden Ball air tráth. Tá sé gar do theorainn an chontae le Cill Mhantáin. Is ag crosaire na mbóithre réigiúnacha an R117 agus an R116 atá sé suite. Na foirgnimh is mó cáil sa sráidbhaile ná Eaglais an Pharóiste de chuid Eaglais na hÉireann a tógadh sa bhliain 1826, agus an séipéal adhmaid Muire Cois Bóthair a tógadh sa bhliain 1937, nó an séipéal gorm mar a thugtar air go háitiúil. Tá bunscoil náisiúnta ann chomh maith, Scoil Mhuire Cois Bóthair, scoil a mhúineann trí Bhéarla. Bhíodh teach tábhairne darbh ainm The Golden Ball ann a dtugtar Farmer Browns anois air. Tá club peile áitiúil ann darbh ainm Wayside Celtic. Ní hann d'aon núicléas ceart sráidbhaile ná aon phríomhshráid sa bhaile. Tá an t-aon fhána sciála in Éirinn le fáil ann. Dromchla bréagach atá air.
Téann busbhealaí 44, 63, 63A agus 118 tríd an sráidbhaile.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |