Is éard is Cárta Leap (Béarla: Leap Card sa Ghaeilge Cárta Léime) ann ná córas de thicéadú comhtháite. Tógadh Leap isteach i mBaile Átha Cliath ar an 12 Nollaig, 2011.[1]
Sa bhliain 2019, cáineadh an tÚdarás Náisiúnta Iompair mar nach raibh an córas a bhí i bhfeidhm ag an Údarás dá gcártaí Leap ábalta an fada i nGaeilge a chur ar ainmneacha na gcustaiméirí,[2][3][4]
I ráiteas a thug an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, dúirt sé gur cuid dhílis d'ainm an síneadh fada, agus go raibh an-difríocht idir 'Seán' agus ‘Sean '.