![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Meitheamh 1676 Mietoinen ![]() |
Bás | 17 Iúil 1752 76 bliana d'aois paróiste Skånings-Åsaka, An tSualainn ![]() |
Member of the Riksdag of the Estates (en) ![]() | |
1731 – 1731 ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Liútarachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamh Ríoga Turku ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | foclóirí, múinteoir ollscoile, polaiteoir, sagart, teangeolaí, scríbhneoir ![]() |
Fostóir | Acadamh Ríoga Turku ![]() |
Teangacha | An Fhionlainnis |
Teaghlach | |
Céile | Catharina Schultz ![]() |
Páiste | Samuel Juslenius, Erik Juslenius, Daniel Juslenius ![]() |
Scríbhneoir Fionlannach ab ea Daniel Juslenius (10 Meitheamh 1676 – 17 Iúil 1752). Ba é Juslenius a bhreac síos an chéad fhoclóir Fionlainnise, Suomalaisen sana-lugun coetus. Tháinig an foclóir amach sa bhliain 1745. San am sin, ní raibh ach litríocht reiligiúnda á saothrú as Fionlainnis.
Bhí Juslenius an-díograiseach faoin teanga, ach is dócha go ndeachaigh sé thar fóir ó am go ham. Mar shampla, sa bhliain 1700, scríobh sé Aboa vetus et nova, tráchtas Laidine faoi chultúr na Fionlainne, agus is é an rud a d'áitigh sé sa saothar seo ná gurbh as an bhFionlainn do na Gréagaigh agus do na Rómhánaigh ar dtús!
Ba é Juslenius a scríobh Vindiciae Fennorum ("Suomalaisten puolustus") freisin, sa bhliain 1703.