Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Daon-Phoblacht an Chongó | |||||
---|---|---|---|---|---|
République populaire du Congo (fr) | |||||
|
|||||
Aintiún | Les Trois Glorieuses | ||||
Mana | «Travail, Démocratie, Paix» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Brazzaville | ||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
Reiligiún | Caitliceachas | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 31 Eanáir 1969 | ||||
Díscaoileadh | 15 Márta 1992 | ||||
Á leanúint ag | Poblacht an Chongó | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | stát aonpháirtí (polaitíocht) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | franc CFA |
Bá stát shóisialach Marxach-Leiníneach a bunaíodh i bPoblacht an Chongó i 1969 a bhí i nDaon-Phoblacht an Chongó (Fraincis: République populaire du Congo) Bhí sé ann go 1991 nuair, i ndiaidh lánscor an Aontais Shoivéidí, athbhunaíodh iar-ainm na tíre agus ainmníodh André Milongo mar Phríomh-aire idir thréimhseach. Bhí Páirtí Oibrithe an Chongó (Fraincis: Parti congolais du travail, PCT) ina mbun ar feadh a iomláine.
Príomhaltː Poblacht an Chongó
Bhí 2,153,685 duine ina gcónaí i nDaon-Phoblacht an Chongó i 1988. Bhí 15 ghrúpa eitneacha éagsúla ann, ach bhí an chuid is mó de dhaoine ina Kongo, Sangha, M'Bochi nó Teke. Bhí 8,500 Eorapach ina chónaí sa tír chomh maith, bá as shíolrach Francach den chuid is mó a bhí iontu. Ba í an Fhraincis teanga oifigiúil na tíre, ach bhí teangacha eile cosúil le Kikongo agus Lingala aitheanta fosta. Bhí an chuid is mó den daonra dírithe i gceantair uirbeacha cosúil le Brazzaville. Bhí rátá litearthachta de 80% ann, ach bhí mortlaíocht naíonán ard ann fosta.
Ba Alphonse Massamba-Débat, a bhí ina uachtarán ar Phoblacht an Chongó i 1963, an chéad cheann stáit Afracach a d'fhógair go hoscailte gur Marxach a bhí ann. Bhunaigh sé córas aonpháirtí i 1964 thart ar a ghrúpa pholaitúil féin, an Gluaiseacht Náisiúnta Réabhlóid (Mouvement National de la Révolution). Toghadh Massamba-Débat mar Ard-Rúnaí an Ghluaiseacht Réabhlóid Náisiúnta agus rinneadh Céad Rúnaí deAmbroise Édouard Noumazalaye. Thacaigh an mílíste móreilimh dea-armtha, an Défense Civile, faoi cheannas Ange Diawara, leis an pháirtí. Ach, faoi 1968 thug agóidí a bhí ag dul i dtoil ar Massamba-Débat ceann de cheannairí na hagóidí, an Captaen Marien Ngouabi, a chur sa phríosún.
Cionn is nach raibh an freasúra míleata cléach ag géilleadh, ghéill Massamba-Débet agus d'fhógair sé maithiúnas, ag saoradh Marien Ngouabi, i measc príosúnaigh polaitaíochta eile i lár 1968. Tar éis an mhaithiúnas ghéill Massamba-Débat an chumhacht i Meán Fómhair, rud a thug slí do thréimhse éagobhsaíochta. Faoi dheireadh ar an 31 Nollaig 1968 tháinig Marien Ngouabi isteach mar cheann stáit. D'fhógair an ceannaire nua go hoifigiúil stát gur stáit a bhí dírithe ar shóisialachas i bhfoirm "Poblacht Móréilimh" an 31 Eanáir 1969. Díríodh an riarachán go láidir i Brazzaville agus ghlac Páirtí Oibrithe Congólach (Parti congolais du travail (PCT)) poist rialtais i ndiaidh dóibh deireadh a chur le tionól náisiúnta an tsean-phoblacht. D'eagraigh an PCT Marxist-Leniníneach comhdháil bunreachtúil sa phríomhchathair ón 29 go dtí an 31 Nollaig 1969, agus bá é an t-aon pháirtí sa stát nua. Thug Marien Ngouabi roinnt polasaithe cumannach isteach- cosúil le náisiúnú na modhanna táirgthe - sna blianta ina dhiaidh. Feallmharaíodh Ngouabi i 1977 agus tháinig an coirnéal Joachim Yhombi-Opango i gcomharba air. Rialaigh Yhombi-Opango go dtí Feabhra 1979, nuair a tháinig Denis Sassou-Nguesso i gcumhacht.[1]
Ar an dóigh céanna le roinnt stáit chumannacha eile san Afraic le linn an Chogadh Fuar, bhí dlúthchaidreamh ag Daon-Phoblacht an Chongó leis an Aontas Sóivéadach.[2]
D'fhan an chairdeas seo láidir tar éis feallmharú Ngouabi i 1977. Choinnigh rialtais an PCT dlúthchaidreamh leis an Fhrainc fosta, áfach.[3]
|
I lár na bliana 1991, bhain an Comhdháil Náisiúnta Ardcheannasach an focal populaire ("Daon-") as ainm oifigiúil na tíre, agus chuir siad bratach agus aintiún nua isteach in áit an bhratach agus an aintiún a bhí in úsáid faoi rialtas an PCT. Chuir an Comhdháil Náisiúnta Ardcheannasach deireadh leiis an rialtas PCT agus cheap siad Príomh-Aire idirthréimhseach, André Milongo, a infheistíodh le cumhachtaí feidhmiúcháin. Bhí cead ag an tUachtarán Denis Sassou Nguesso fanacht in oifig i gcáilíocht deasghnách le linn an idirthréimhse.[4]