Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1922 An Máimín, Éire ![]() |
Bás | 1987 64/65 bliana d'aois Leeds, England ![]() |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí ![]() |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha |
![]() ![]() ![]() |
Bhain Darach Ó Catháin (30 Meán Fómhair 1922 - 29 Meán Fómhair 1987) cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach dó féin de bharr a chuid amhránaíochta ar an sean-nós.[1]
Rugadh Darach Ó Catháin, nó Dudley Kane mar a thugtar air sa taifead breithe Béarla, sa Mháimín, Leitir Móir, Conamara, sa bhliain 1922 agus bhog an teaghlach go Rath Chairn sa bhliain 1935.[2]
D'aistrigh sé féin agus a mhuintir go Ráth Chairn na Mí sa bhliain 1935. Bhog an Cathánach agus a bhean Bríd go Leeds, Yorkshire i 1963 agus is ann a chaith sé an chuid eile dá shaol ansiúd ag obair do thógálaithe.[3]
Cailleadh an Cathánach sa bhliain 1987.
Roghnaigh Seán Ó Riada é mar amhránaí sa cheirnín Reacaireacht an Riadaigh (CEF 010, anois Pléaráca an Riadaigh[4]) agus chum Darach caoineadh air. Ó na 1960idí amach bhí sé ar dhuine d’amhránaithe móra an tsean-nóis.
D'éirigh thar barr leis an albam Traditional Irish Unaccompanied Singing sa bhliain 1975.
I measc na n-amhrán atá le fáil ar a dhlúthdhiosca 'Darach Ó Catháin' tá 'Amhrán na Japs', leagan damanta de 'Oró Sé do Bheatha 'Bhaile[5] agus 'Caisleán Uí Néill'. Tá an dlúthdhiosca sin ar fáil ó Gael Linn.
Bhuaigh iníon le mac deirféar leis Corn Dharach Uí Chadhain ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2008.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |