Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Darren O'Shaughnessy 3 Iúil 1972 52 bliana d'aois Londain, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Roehampton Salesian Secondary College (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, úrscéalaí |
Tréimhse oibre | 1999 – |
Ainm cleite | D. B. Shan Darren Shan |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Suíomh gréasáin | darrenshan.com |
|
Is é Darren Shan an t-ainm cleite a úsáideann an scríbhneoir clúiteach Darren O’Shaughnessey. Rugadh é i Londain, Sasana ar an 2 Iúil 1972, agus d'fhás sé aníos in Luimneach, in Éirinn.
Baineann sé leas as an ainm Darren Shan mar phríomhcharactar ina sraith leabhair The Saga of Darren Shan, glaotar sraith Cirque du Freak air freisin. Tá sraith leabhar eile scríofa aige, The Demonata faoi dhomhan ina bhfuil deamhain ina gcónaí. Bhain sé an Sheffield Children's Book Award i 2001 leis an úrscéal Cirque Du Freak: A Living Nightmare (an chéad sraith).
Úrscéal gearr é Koyasan a scaoileadh i Sasana le haghaidh Lá Domhanda na Leabhar sa bhliain 2006. Tá sé as cló faoi láthair. Aistríodh agus foilsíodh é i roinnt tíortha.