Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | CND | ||||
Cineál | eagraíocht abhcóideachta anti–nuclear weapons movement (en) eagraíocht síochána eagraíocht neamhrialtasach | ||||
Foirm dlí | cuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | Samhain 1957 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Suíomh gréasáin | https://cnduk.org/ | ||||
Eagraíocht a bunaíodh sa Bhreatain i 1958 (CND nó an Campaign for Nuclear Disarmament i mBéarla) leis an mbaol don chine daonna ó na hairm núicléacha a bhí á gcarnadh ag na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach, an Bhreatain is an Fhrainc a chur ina luí ar an bpobal, agus an gá práinneach go gcuirfí deireadh leo uile, fiú go haontaobhach chun fuadar a chur faoi.
Bunaíodh grúpaí i dtíortha eile leis na haidhmeanna céanna. Bhíodh na máirseálacha suntasach mór gach bliain go lár na 1960idí.
Léirigh gábh na ndiúracán i gCúba i 1962 go raibh géarghá ann aidhmeanna CND a bhaint amach. Le dul chun cinn (mall) dioplómaitiúil i dtreo na dí-armála (mar shampla, leis an gconradh coiscthe trialacha núicleacha i 1963) laghdaigh an feachtas.
D'athbheoigh sé rud beag sna 1980idí le máirseálacha i gcoinne stáisiún núicléach, ach faoi seo ní eagraíocht chumasach shuntasach í.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |