Maidir leis na canúintí gaolmhara a chuaigh in éag le déanaí, bhí lucht curtha in eagar an Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects[1] ábalta cuid mhaith eolais a bhailiú ó na cainteoirí deireanacha i ndeisceart Chontae Shligigh agus in iardheisceart Chontae Liatroma, chomh maith le Contae an Chláir.
Na chéad chanúineolaithe a chuaigh i ngleic le canúintí nua-aimseartha na Gaeilge, bhí siad den tuairim gur chóir gan ach dhá mhórchanúint Gaeilge a aithint, is é sin, an ceann thuaidh agus an ceann theas, agus an teorainn idir an dá mhórghrúpa seo canúintí ag rith trasna na hÉireann ó Chaoláire na Gaillimhe go Cuan Bhaile Átha Cliath. Inniu, glactar leis go bhfuil sé níos praiticiúla trí mhórchanúint - Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge na Mumhan - a aithint, agus go bhfuil cúiseanna teangeolaíochta leis an deighilt seo, sa bhreis ar na cúiseanna follasacha tíreolaíochta.
Is é an deighilt a dhéanann Ruairí Ó hUiginn ar na fochanúintí éagsúla san aiste a scríobh sé do Stair na Gaeilge (lch. 543) ná:
Gaeilge Oileáin Árann agus Chois Fharraige. Is é seo an cineál Gaeilge a mhúintear sa leabhar cáiliúil le Mícheál Ó Siadhail, Learning Irish. Sa chanúint seo, fágtar an -th- agus an -ch- caol idir gutaí ar lár, ionas go ndéantar [bˠo:ɾˠ] ("bó'r") den fhocal bóthar agus [dˠɾˠaɪdˠ] nó [dˠɾˠe:dˠ] ("draighead", "draed") den fhocal droichead. Seo an cineál Gaeilge a bhí ó dhúchas ag Máirtín Ó Cadhain, rud atá le haithint go soiléir ar a chuid scríbhneoireachta.
Gaeilge Oirthear na Gaillimhe, is é sin, Gaeilge Bhaile Chláir. Is féidir staidéar a dhéanamh ar an gcanúint seo i bhfoirm scríofa sa bhailiúchán béaloidis úd Seanchas Thomáis Laighléis, a chuir Tomás de Bhaldraithe in eagar[2]. Sa chanúint seo, déantar leofa de leo agus díofa de díbh, rud ba mhó a shamhlófaí le Gaeilge Uladh.
Gaeilge Iarthar Chonamara. Seo an cineál Gaeilge a chloisfeá i Ros an Mhíl, sa Cheathrú Rua, i gCarna, agus i Ros Muc, agus seo an cineál Gaeilge is mó a bhí acu siúd a chuaigh go Ráth Cairn thiar sna tríochaidí leis an áit a thabhairt chun míntíreachais. Sa chanúint seo, ní dhéantar bór de bóthar, ach ina dhiaidh sin féin tá sí iontach cosúil le Gaeilge Chois Fharraige.
Gaeilge Thuaisceart Chonamara, is é sin, Gaeilge Shraith Salach, mar shampla. Sa chineál seo Gaeilge, déantar [uː] fada de -adh i ndeireadh na bhfocal, rud atá níos cosúla le Gaeilge Mhaigh Eo agus le Gaeilge Uladh ná le Gaeilge Dheisceart na Gaillimhe, a dhéanann guta cúnta (guta doiléir, schwa) den chineál seo foirceann.
Gaeilge Dheisceart Mhaigh Eo, is é sin, Gaeilge Thuar Mhic Éadaigh, agus is iomaí saintréithe a chuidíonn sí leis an gcineál Gaeilge a labhraítear in Iorras. Deirtear gurb iad na cineálacha seo na canúintí is cóngaraí don Ghaeilge Chlasaiceach maidir leis an bhfoghraíocht.[3]
Gaeilge Íochtar Chonnacht - is é sin, Gaeilge Thuaisceart Mhaigh Eo a labhraítear in Iorras (Tabhair faoi deara go dtagraíonn "íochtar tíre" don tuaisceart agus "uachtar tíre" don deisceart sna logainmneacha go minic - gnás atá bun os cionn leis an dóigh a dtaispeántar an tír sna mapaí). Mar shampla, déantar [ɪç] nó [ç] de -ith i ndeireadh focal difriúil mar maith [mˠaç] agus bith [bʲɪç] agus déantar [uː] de -adh (dhá airí atá le cloisteáil i nGaeilge Uladh, freisin). Tabhair faoi deara nach bhfuil an chanúint leathslí idir Gaeilge Chonamara, agus Gaeilge Thír Chonaill go díreach. Tá cúpla dearbh-airí ag an gcanúint seo nach bhfeicteá in aon chanúint eile ar fud na tíre, mar atá, mar shampla, an fordhealú coimeádach idir ceithre leagan na bhfóinéimí /l/ (/l̪ˠ~lˠ~lʲ~l̠ʲ/) agus /n/ (/n̪ˠ~nˠ~nʲ~n̠ʲ/), agus bá na ngutaí gairide i ndeireadh na bhfocal, tar éis consain neamhghlóraigh (mar shampla i chun an tsiopa [ənˠ ə tʲʊpˠ], ina mbáitear an [ə] de siopa)[4] agus a lán saintréithe eile. Faoi dheireadh, áfach, tá sí sách cosúil leis an gcineál Gaeilge a labhraítear in Oileán Acla, agus, mar a luaítear thuas, le Gaeilge Thuar Mhic Éadaigh.
araíocht: tá an lá in araíocht tá cuma mhaith ar an lá (go háirithe ag tabhairt le fios go bhfuil an lá oiriúnach d'obair de chineál ar leith, iascaireacht ach go háirithe)
bád aeir eitleán
bailithe imithe (díreach cosúil le Gaeilge na Mumhan)
báisteach is mó a úsáidtear, in áit fearthainn
bladhrúch bladhrach, búirfeach
blaoch glaoch. Tabhair faoi deara ag blaoch is ag bladhrúch = ag glaoch is ag búirfigh
bosca ceoil mileoidean
cantal drochghiúmar
cantalach cancránach, cnáimhseálach
casadh: is gnách ceol a chasadh i nGaeilge Chonnacht, in áit é a sheinm
céardós cén sórt, cén cineál
cinnt: leagan den bhriathar cinneadh é, ach is é is ciall leis ná "sárú, bheith ródheacair, teip": chinn sé orm ciall ar bith a bhaint as an méid seo níor éirigh liom ciall ar bith a bhaint as an méid seo; tá sé ag cinnt orm, tá sé cinnte orm, ciall ar bith a bhaint as an méid seo 7rl.
coisméig coiscéim
comhairleachan comhairliú
crúóg práinn, deifir, fuadar. (Crua-aenna is brí leis an bhfocal crúóga(í) i nGaeilge Uladh.)
cruthachtáil cruthú
cuisliméir (nó cuisliméara, de réir ghramadach na canúna) custaiméir
deargadh adhaint, fadú, lasadh (tine). An bhfuil deargadh agat? An bhfuil cipíní nó lastóir agat le haghaidh mo thoitín?
drochmhúinte olc, mallaithe, feargach. Daoine a bhíonn drochmhúinte i gConnachtaibh; i nGaeilge Uladh, áfach, is do na hainmhithe, na madraí mar shampla, is minice a thagraíonn an aidiacht seo.
éist!: úsáidtear an briathar seo sa chiall "ná bac!", "fág socair!", "éirigh as!"
eiteachtáil eiteach, diúltú
fainic! aire! rabhadh! seachain thú féin! togh do choiscéim!
foscadh (nó fascadh) fothain, cosaint ar an mbáisteach nó ar an ngaoth
gail gal, toit, tobac; gail a chaitheamh tobac a chaitheamh
geábh turas (sa dhá chiall: "turas taistil", nó "iarracht amháin")
ghoil, ag goil: seo an cineál comhthruailliú de dul agus gabháil a d'fheicfeá i nGaeilge Uladh freisin
gnaith gnó
gúm scéim, plean, tionscadal. Focal é seo a bhí ag Tomás Laighléis. Is é an focal seo is bun le ainm an tí foilsitheoreachta úd An Gúm - ar dtús, níor thagair ainm an fhoilsitheora ach don scéim aistriúcháin.
lagachan lagú
leanacht leanúint
mórán: ní úsáidtear é ach amháin ar lorg briathar diúltach: tá neart acu ann a deirtear, agus níl mórán acu ann. Bheadh sé ceart go leor tá mórán acu ann a rá i nGaeilge Uladh, ach níl cuma chomh nádúrtha céanna ar an leagan sin i nGaeilge Chonnacht.
múr báisteach throm
ní mé ní fheadar, níl a fhios agam. Roimh cheisteanna reitriciúla is mó a chloisfeá é. Ní mé an bhfuil crothán céille ag an amadán sin. "An bhfuil crothán céille ag an amadán sin, meas tú?"
olc: Is éard atá i gceist le duine olc ná duine ar furasta fearg a chur air, duine taghdach. Duine mallaithe a thabharfadh muintir na Mumhan ar a leithéid.
scafánta luath
scaladh: tá an ghrian ag scaladh tá an ghrian ag taithneamh
sciobtha luath
taobhachtáil taobhú
tar éis: bíonn a lán leaganacha éagsúla de seo le cloisteáil sa chanúint: ar théis, léis, mar shampla. Tabhair faoi deara tar éis (is) go, ar théis (is) gó sa chiall cé go: Ar théis is nár chreid mé féin sna daoine maithe ariamh, bíonn a lán rudaí neamhshaolta ann.
tíocht teacht
togha an-mhaith, ar fheabhas. Chloisfeá mar aidiacht é, fiú: tá an rud seo togha.
ruainne a úsáidtear in áit blúire
sráid an clós timpeall an tí
toisiú (Maigh Eo) tosú
trust muinín a bheith agat as. Iasacht sheanársa é an focal seo i nGaeilge Chonnacht, agus is féidir córas iomlán réimnithe an bhriathair a chur i bhfeidhm air: duine a thrust; níor thrust mé an scabhaitéara sin ariamh ní raibh muinín agam as an scabhaitéir sin riamh
údar: úsáidtear sa chiall "cúis", "fáth" é freisin
ÁR nOILEÁN - TUILE 'S TRÁ. Bailiúchán Bhéaloideas Árann. Mná Fiontracha, gan dáta. ISBN 0-9546061-1-6
BECKER, Heinrich (Eag.): I mBéal na Farraige. I gComhar le hOllscoil Wuppertal (Bergische Universität) sa Ghearmáin agus le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1997 (béaloideas) Conamara/Cois Fhairrge
BREATHNACH, Pádraic: Buicéad Poitín agus scéalta eile. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1978/1986 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
Bean Aonair agus scéalta eile. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1984 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
Ar na Tamhnacha. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1987 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
An Pincín agus scéalta eile. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1996 (gearrscéalta) Maigh Cuilinn
As na Cúlacha. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1998 (úrscéal) Maigh Cuilinn
(Eag.)Maigh Cuilinn - a Táisc is a Tuairisc. Cló Chonamara, Indreabhán 1986 (béaloideas) Maigh Cuilinn
DE BHALDRAITHE, Tomás (Eag.): Seanchas Thomáis Laighléis. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1977/1981 (béaloideas) Baile an Chláir
IDIR MNÁ - Scríbhneoirí Ban Ros Muc. Pléaráca Chonamara, Ros Muc 1995 (cuimhní cinn, seanchas, béaloideas) Ros Muc, Conamara
MAC AMHLAIGH, Dónall: Beoir Bhaile agus scéalta eile. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1981 Conamara
Dialann Deoraí. Réamhrá le Niall Ó Dónaill. An Clóchomhar Teoranta, 1960/1966/1970. (dírbheathaisnéis) Conamara
MAC AN IOMAIRE, Séamas: Cladaí Chonamara. An Gúm, Baile Átha Cliath 1985 (seanchas) Conamara
MAC CON IOMAIRE, Liam: Breandán Ó hEithir - Iomramh Aonair. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2000 (beathaisnéis) Conamara - Árainn
MAC LOCHLAINN, Alf: Fiáin na Bocs a Bhí ann an tAm Sin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999 (stair áitiúil) Conamara
MAG RUAIDHRÍ, Mícheál: Le Linn m'Óige. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001 (cuimhní cinn) Tuaisceart Mhaigh Eo
MAG UIDHIR, Séamas: Fánaíocht i gContae Mhaigh Eo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1994 Tuaisceart Mhaigh Eo
NÍ MHAINNÍN, Cáit: Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín. Cló IarChonnachta, Indreabhán 2000 (dírbheathaisnéis) Conamara
Ó BAOILL, Pádraig (Eag.): Glórtha ár Sinsear. Béaloideas Oirdheisceart na Gaillimhe. I gcomhar le Loughrea History Project. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2005. (béaloideas) (Oirthear na Gaillimhe)
Ó CADHAIN, Máirtín: Athnuachan. Coiscéim. Baile Átha Cliath 1995 (úrscéal) Conamara
An Braon Broghach. An Gúm, Baile Átha Cliath 1991 (gearrscéalta) Conamara
Barbed Wire. Arna cur in eagar ag Cathal Ó hÁinle. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal) Conamara
Caiscín. Altanna san Irish Times 1953/56. Arna gcur in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1998 (iriseoireacht) Conamara
Cois Caoláire. Sáirséal - Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 2004 (géarrscéalta) Conamara
Cré na Cille. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1949/1965 (úrscéal) Conamara
Idir Shúgradh agus Dáiríre. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1975 (gearrscéalta) Conamara
Tone Inné agus Inniu. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999 (stair, polaitíocht) Conamara
An tSraith dhá Tógáil. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1970/1981 (gearrscéalta) Conamara
An tSraith Tógtha. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1977 (gearrscéalta) Conamara
An tSraith ar Lár. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1986 (gearrscéalta) Conamara
Ó Cadhain i bhFeasta. Eag. Seán Ó Laighin. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1990 (aistí, iriseoireacht, stair, polaitíocht, ábhar ilghnéitheach) Conamara
An Ghaeilge Bheo - Destined to Pass. Eagarthóir: Seán Ó Laighin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002. (taighde agus tuairimí) Conamara (Béarla atá i gcuid den leabhar.)
Caithfear Éisteacht! Aistí Mháirtín Uí Chadhain in Comhar. Eagarthóir: Liam Prút. Comhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1999 (aistí) Conamara
Ó CAITHLÍN, Antoine ("Tony Catherine Antoine William"): A Chomhairle Féin do Mhac Anna. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1999 (béaloideas) Oileán Acla
Seanfhocail as Acaill. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1995 (béaloideas) Oileán Acla
Ó CATHÁIN, Séamas agus Caitlín Uí Sheighin (Eag): A Mhuintir Dhú Chaocháin, Labhraigí Feasta! Cló Chonamara, Indreabhán 1987 (béaloideas) Tuaisceart Mhaigh Eo
(Eag): Le Gradam is le Spraoi. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1996 (béaloideas) Tuaisceart Mhaigh Eo
Ó CEALLAIGH, Colm: Brídín. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán 1995 (úrscéal) Conamara
Meilt Mhuilte Dé. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002 (úrscéal) Conamara
Clann na Feannóige. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2004 (gearrscéalta) Conamara
Ó CEANNABHÁIN, Peadar (Eag.): Éamon a Búrc - Scéalta. Leabhar Thaighde, an dóú himleabhar is dhá scór. An Clóchomhar, Baile Átha Cliath 1983/2000 (béaloideas) Conamara
Ó COINCHEANAINN, Peadar: Inis Meáin - seanchas agus scéalta. Bill Doyle a mhaisigh, Pádraig Ó Siadhail a chóirigh an t-eagrán seo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1993 (srair áitiúil) Oileáin Árann
Ó CONAOLA, Dara: Amuigh Liom Féin. Ceardshiopa Inis Oírr Teoranta, Inis Oírr 1988 (scéal) Oileáin Árann
Cor in Aghaidh an Chaim. Ceardshiopa Inis Oírr Teoranta, Inis Oírr 1983 (scéal) Oileáin Árann
Ó CONGHAILE, Mícheál: Mac an tSagairt. Cló Iar-Chonnachta, Béal an Daingin 1986 (gearrscéalta) Conamara
Ó CONGHAILE, Seán: Cois Fharraige le mo Linnse. Clódhanna Teoranta, Baile Átha Cliath 1974/1984 (seanchas) Conamara
Ó CORBÁIN, Seán: Daoine Dathúla an Iarthair. Cló Chaisil, Baile Átha Cliath 2005. Oirthear na Gaillimhe
Ó CURRAOIN, Seán (Eag.): Iascairín Chloch na Cora - Scéalta agus Seanchas ó Bhearna agus na Forbacha. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000 Bearna - Na Forbacha
Ó FINNEADHA, Cóil Learaí: Tórramh an Bhardail agus Scéalta Eile. An Gúm, Baile Átha Cliath 1995. (gearrscéalta) Conamara
Ó FLAITHEARTA, Liam: Dúil. Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1970 (gearrscéalta) Oileáin Árann
Ó GIOLLAGÁIN, Conchúir (Eag.): Stairsheanchas Mhicil Chonraí - Ón Máimín go Ráth Cairn. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1999 (béaloideas, cuimhní cinn, dírbheathaisnéis) Ráth Cairn
Ó GRÁINNE, Diarmuid (Eag.): Máire Phatch Mhóir Uí Churraoin - A Scéal Féin. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1995/1997 (dírbheathaisnéis) Conamara
Ó hEITHIR, Breandán: An Chaint sa tSráidbhaile. Eagarthóir: Caoilfhionn Nic Pháidín. Comhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1991 (iriseoireacht) Oileáin Árann
Lig Sinn i gCathú. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1983 (úrscéal) Oileáin Árann
Sionnach ar mo Dhuán. Sáirséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath 1988 (úrscéal) Oileáin Árann
Ó LAIGHIN, Pádraig G.: Bánú Phartraí agus Thuar Mhic Éadaigh. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1997 (stair áitiúil) Deisceart Mhaigh Eo
Ó MÁILLE, Tomás: An Béal Beo. An Gúm, Baile Átha Cliath 2002 (teanga)
An tIomaire Rua. Cogadh na Saoirse i dTuaisceart Chonamara. Máirtín Ó Cadhain a chóirigh an t-eagrán nua seo. An Gúm, Baile Átha Cliath 2007. (stair)
Ó NEACHTAIN, Joe Steve: Clochmhóin. Cló IarChonnachta, Indreabhán 1998 (gearrscéalta) Conamara
Ó RÁIGHNE, Mícheál: Bóithrín na hAille Báine. Cló IarChonnachta, Indreabhán, Conamara 1994 (úrscéal) Conamara
Deoir ón tSúil. Cló IarChonnachta, Indreabhán, Conamara 1993 (úrscéal) Conamara
Nach Iomaí Cor sa Saol. Cló IarChonnachta, Indreabhán, Conamara 2002 (úrscéal) Conamara
Ó RUADHÁIN, Seán: Pádhraic Mháire Bhán. An Gúm, Baile Átha Cliath 1994 Tuaisceart Mhaigh Eo
RIDIRE AN GHÁIRE DHUIBH agus scéalta eile. Mícheál Mac Ruairí a d'inis. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1993 Tuaisceart Mhaigh Eo
SCÉALTA MHÁIRTÍN NEILE, bailiúchán scéalta ó Árainn. Holger Pedersen a thóg síos, Ole Munch-Pedersen a chuir in eagar. Comhairle Bhéaloideasa Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 1994 (béaloideas) Oileáin Árann
Ó hUiginn, Ruairí: Gaeilge Chonnacht. Lch. 539-609 i: Stair na Gaeilge in ómós do Phádraig Ó Fiannachta, curtha in eagar ag Kim McCone, Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad 1994.
Ó Murchú, Séamas, An Teanga Bheo - Gaeilge Chonamara. Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath 1998.
Mhac an Fhailigh, Éamonn (1968), The Irish of Erris, Co. Mayo, Dublin Institute for Advanced Studies, ISBN 0-901282-02-2