Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Meán Fómhair 1962 62 bliana d'aois Teach Mealóg, Éire |
Teachta Dála | |
6 Meitheamh 2009 – 8 Feabhra 2010 Téarma parlaiminte: 30ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Theas | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath London School of Economics Coláiste Éanna |
Gníomhaíocht | |
Gairm | eacnamaí, polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Is eacnamaí, iriseoir agus iarpholaiteoir é George Lee (27 Meán Fómhair 1962 a rugadh é).
As Teach Mealóg i mBaile Átha Cliath dó. Ba mheicneoir é a athair a raibh ochtar clainne aige agus ba é George Lee an dara duine is óige. D'fhreastail sé ar Choláiste Éanna, scoil de chuid na mBráithre Críotaí i mbruachbhaile Bhaile Uí Ruáin.
B'anailísí eacnamaíoch agus iriseoir de chuid RTÉ é ó 1992 go 2009. Ainmníodh Lee mar Iriseoir Éireannach na Bliana 1998.
D'fhógair sé ar an 5 Bealtaine 2009 go raibh sé ag éirí as a phost chun ainmniúcháin Fhine Gael a lorg don fhothoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas. Fuair sé an t-ainmniúchán an chéad lá eile.
Toghadh é ar an gcéad comhaireamh ar an 6 Meitheamh 2009 le 27768 vóta (53.72%).
D'fhógair sé ar an 8 Feabhra 2010 go raibh sé ag éirí as an Dáil agus as páirtí Fhine Gael. An chúis a thug sé ná nach raibh tionchar aige ar pholasaithe Fhine Gael.