B’Astrálach é Herbert Vere Evatt (30 Aibreán 1894 - 2 Samhain 1965) agus é ina fhear dlí, ina pholaiteoir agus ina scríbhneoir. Ba é Uachtarán Thionól Mór na Náisiún Aontaithe é sna blianta 1948-49 agus chuidigh sé le Fógra Uilíoch na gCearta Daonna (1948) a scríobh. Ba é ceann Pháirtí Lucht Oibre na hAstráile (Australian Labor Party – ALP) é idir na blianta 1952 agus 1960, agus ceannaire an Fhreasúra dá bharr. Thugtaí "Bert Evatt" nó "Doc Evatt" air.
De shliocht Briotanach agus Éireannach é Evatt, agus rugadh é i Maitland i New South Wales. D’fhreastail sé ar Fort Street High School (scoil a bhfuil iomrá léi) i Sydney agus fuair scoláireachtaí ó Ollscoil Sydney, áit ar bhain sé amach céimeanna fealsúnachta agus dlí. Ba é Uachtarán Aontas na hOllscoile é sa bhliain 1916.
Maraíodh beirt dearthár leis sa Chéad Chogadh Domhanda, ach ní raibh Evatt in ann liostáil toisc an radharc a bheith go dona aige. Tháinig clú air mar dhlíodóir tionsclaíoch i Sydney agus é ag obair do cheardchumainn de ghnáth: rinneadh abhcóide de chuid an Rí de.
Chuaigh sé le polaitíocht agus sa bhliain 1925 toghadh é mar bhall de Thionól Reachtais New South Wales le haghaidh Balmain i Sydney. Bhí sé ann go dtí an bhliain 1930, nuair a cheap rialtas James Scullin (ALP) mar ghiúistís de chuid Ard-Chúirt na hAstráile é, an giúistís ab óige a ceapadh riamh ann. Shíl a lán gur bhreitheamh éirimiúil treallúsach é, cé gur shíl daoine éigin go bhféadfadh sé a bheith claonta uaireanta.[1]
Sa bhliain 1934 rialaigh Evatt nárbh fhéidir leis an rialtas (ar cheann coimeádach é ag an am) Egon Kisch, iriseoir cáiliúil Cumannach, a choinneáil amach, toisc go raibh locht ar an ordú.[2]
Tháinig Robert Menzies, Ard-Aighne rialtas coimeádach Joseph Lyons, os comhair na cúirte ó am go ham, agus é féin agus Evatt ag argóint go borb le chéile i dtaobh ceisteanna dlí, rud a chuir tús le naimhdeas fada eatarthu.
Sa bhliain 1940 d’éirigh Evatt as an Ard-Chúirt agus toghadh é mar Fheisire feidearálach do shuíochán Barton i Sydney. Tháinig an ALP i gcumhacht faoi threoir John Curtin sa bhliain 1941, agus rinneadh Ard-Aighne agus Aire Gnóthaí Seachtracha de.
Bhí Evatt páirteach i gcomhairlí taidhleoireachta na gComhghuaillithe i rith an Dara Cogadh Domhanda, agus is mór an lámh a bhí aige i mbunú na Náisiún Aontaithe. Ba é Uachtarán Thionól Mhór na Náisiún Aontaithe é sna blianta 1948-49 agus bhí lámh aige freisin i ndréachtadh Fhógra Uilíoch na gCearta Daonna (1948). Ba é an chéad chathaoirleach de Choimisiún Fuinnimh Adamhaigh na hAstráile é. Tar éis thoghchán na bliana 1946 ba é leascheannaire Pháirtí an Lucht Oibre é.
Sa bhliain 1949 chloígh páirtí nua Robert Menzies, an Páirtí Liobrálach, an tALP, agus cailleadh Ben Chifley sa bhliain 1951 – dhá rud a rinne ceannaire an Fhreasúra d’Evatt. D’éirigh leis milleadh faoin iarracht a rinne an rialtas ar Pháirtí Cumannach na hAstráile a chosc trí reifreann, ach theip air i dtoghchán feidearálach na bliana 1954. Cháin sé na Grúpaí Tionsclaíocha, baicle fhrith-Chumannach faoi anáil Chaitliceach, faoin díomua, agus shíl sé freisin gur bhain Menzies tairbhe as an tseirbhís rúnda chun áitiú ar thaidhleoir Sóivéadach éalú agus míchlú a tharraingt ar Evatt féin mar spiaire.
Nuair a d’ionsaigh Evatt na Grúpaí go poiblí scoilt a pháirtí, agus bhunaigh na heasaontóirí páirtí nua dar theideal Páirtí Daonlathach an Lucht Oibre (Democratic Labor Party – DLP), a thug a chuid vótaí dara tosaíochta (preference votes ) do na Liobrálaigh. Chuidigh seo leis an ALP a chloí sna blianta 1954 agus 1958, cé gur thairg Evatt éirí as dá bhfillfeadh an DLP abhaile – tairiscint gan toradh.
Sa bhliain 1960 cheap rialtas an ALP in NSW Evatt mar Príomh-Ghiúistís na Cúirte Íochtaraí in NSW. Thug seo deis dó cúl a thabhairt le cúrsaí polaitíochta, ach níor tharraing sé aon chlú mór air féin sa phost, agus tá sé ráite gur chomhscríobh sé a chuid breitheanna le giúistís eile.[3]
Sa bhliain 1962 d’fhulaing Evatt cliseadh néarach agus d’éirigh as a phost. Cailleadh é i gCanberra, an phríomhchathair fheidearálach, i Mí na Samhna 1965. Deirtear go raibh sé á iompar féin níos aistí faoin am sin, agus gur artaraiscléaróis ba chúis leis.[4]
Scríobh sé a lán leabhar ar cheisteanna difriúla, agus tá suim fós sa chuntas a thug sé ar an “Rum Rebellion” (ceannairc cháiliúil oifigeach i gcoilíneacht New South Wales), cé nach n-aontaíonn gach duine lena chuid tuairimí.[5] Ag seo liosta dá chuid leabhar: