![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Iúil 1948 76 bliana d'aois Perth, Western Australia ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hAstráile Thiar ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | úrscéalaí ![]() |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
![]() |
Údar Astrálach is ea Joan Elizabeth London. Rugadh í ar an 24 Iúil 1948 i bPerth san Astráil Thiar. Tá gearrscéalta, úrscéalta agus scripteanna scannáin scríofa aici.
Bhain sí céim amach in Ollscoil na hAstráile Thiar, áit ar ndearna sí staidéar ar Fhraincis agus ar Bhéarla. Díoltóir leabhar í agus mhúineadh sí Béarla mar theanga iasachta.[1] Tá sí ina cónaí in Fremantle.[2]
Tá dhá bhailiúchán de ghearrscéalta curtha amach aici, Sister Ships agus Letter to Constantine. Ghnóthaigh an chéad cheann The Age Book of the Year (1986), agus ghnóthaigh an dara ceann an Steele Rudd Award agus an West Australian Premier's Award for Fiction (1994 araon), sular nascadh le chéile faoin teideal The New Dark Age iad.
D'fhoilsigh sí dhá úrscéal, Gilgamesh and The Good Parents. Moltar a prós as a chaolchúis agus a ghreantacht, agus dúradh faoi The Good Parents gurbh úrscéal álainn smaointe agus mothúchán é. Taispeántar sruthanna gan srian sa saol agus na gluaiseachtaí móra intleachtúla a théann i bhfeidhm ar shaol an duine. Tá críonnacht ann, ach aithnítear go bhfuil diamhair na cluana gan fuascailt fós.[3]