Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Iúil 1928 Lios Tuathail, Éire |
Bás | 30 Bealtaine 2002 73 bliana d'aois Lios Tuathail, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse phróstataigh) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Mhichíl, Lios Tuathail |
Gníomhaíocht | |
Gairm | úrscéalaí, scríbhneoir, drámadóir |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Siblín | Eamonn Keane |
Gradam a fuarthas | |
Ba dhrámadóir agus scríbhneoir as Ciarraí é John B. Keane[1] (rugadh é ar an 21 Iúil 1928 agus d'éag ar an 30 Bealtaine 2002). Fear grinn den chéad scoth a bhí ann. Carachtar é a gcuirfeá dúil ann mar gheall ar a rógaireacht agus bhí sé lán d'aer an tsaoil.[2] Ina chuid scríbhneoireachta, bhí a fhios aige go raibh an-chumhacht ann sa mhaolaisnéis.
Ar chúrsaí reatha, níor sheachain sé an chonspóid riamh.
Rugadh agus tógadh i Lios Tuathail, Co. Ciarraí é. Ba é an ceathrú duine é den naonúr páistí ag William Keane, bunmhúinteoir, agus Hannah Purtill.[3]
Tar éis dó an mheánscoil a fhágaint, chaith sé na blianta idir 1946 agus 1951 ag obair mar chúntóir i siopa poitigéara. Ó 1951 go dtí 1955 chuaigh sé ar imirce go Sasana, áit ar bhain sé a shlí bheatha amach ar neart bhealaí éagsúla. Sa bhliain 1955 d'fhill sé ar a áit dhúchais agus ó shin go shíothlaí sé, bhí teach tábhairne, mar gnó, idir láimhe aige.
Sa bhliain 1991 bronnadh ballraíocht buan den Royal Dublin Society air. Bhí sé ina uachtaráin ar PEN agus bhí sé ina bhunaitheoir den Irish Playwrights Society (Cumann na Drámadóirí Éireannacha). San am céanna bhain sé amach ballraíocht in Aosdána.
Carachtar a bhí ann ar an uile bhealach. Bhí sé ina bhall de Fhine Gael, agus níor sheachain sé díospóireacht chonspóideach riamh
Bhronn Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Luimnigh agus Marymount College (Manhattan) dochtúireachtaí oinigh air.
Bhí sé pósta le Mary O'Connor agus bhí ceathrar chlainne acu, iníon agus triúr mac.
Fuair sé bás ina theach féin de bharr ailse i measc a phobail fhéin sa bhliain 2002 agus in aois 73 bliain dó.Go leor saothar a d'fhoilsigh sé le linn a shaol torthúil.
Saothar spleodrach, barrúil agus greannmhar atá ann. A dhráma Sive a tharraing aird na hÉireann air i 1959. Is iad The Field (1965) agus Big Maggie (1969) na drámaí is clúití leis.[4][5]
Scríobh sé leabhar i nGaeilge ar fhear déanta cleamhnas, Dan Pheaidí Aindí, i 1977, chomh maith le gearrscéalta, úrscéalta agus saothar ilchineálach eile.