Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Deireadh Fómhair 1911 Lucknow, An India |
Bás | 4 Aibreán 2006 94 bliana d'aois Cluain Sceach, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Oxford Coláiste Marlborough |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Betty de Courcy Ireland |
Athair | de Courcy Ireland |
Gradam a fuarthas
|
Staraí agus scríbhneoir ab ea John de Courcy Ireland (19 Deireadh Fómhair, 1911 – 4 Aibreán, 2006), a chaith a shaol le cúrsaí polaitiúla agus muirí[1].
Throid sé go láidir ar son aitheantais do na daoine a chaith go leor ama ar muir. Bhí fearg air nach raibh aird ag rialtais na h-Éireann ar thábhacht na farraige. Scríobh sé an-chuid leabhar faoi chúrsaí na mara.
Chaith sé 40 bliain ag obair leis na báid tharrthála i nDún Laoghaire, agus scríobh sé stair an chuain sin.
Is iomaí gradam a bronnadh air ar fud an domhain ar son na taighde a rinne sé ar an bhfarraige. I measc na dtíortha a bhronn gradam air ar son a chuid taighde bhí An Airgintín, An Fhrainc agus an Iúgslaiv.
Labhair sé amach go láidir in aghaidh pholasaí eachtrannach SAM, agus bhí sé gníomhach sna hagóidí in aghaidh Uachtaráin Mheiriceá nuair a thug Ronald Reagan cuairt ar Éirinn i 1984.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |