![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Feabhra 1891 Camagüey, Cúba ![]() |
Bás | 8 Meitheamh 1956 65 bliana d'aois La Habana, Cúba ![]() |
Siocair bháis | Ailse inchinne |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Havána ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taidhleoir, scríbhneoir, file ![]() |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | An Spáinnis |
Ba fhile Cúbach é Mariano Brull Caballero (24 Feabhra, 1891 - 8 Meitheamh, 1956) a raibh baint aige de ghnáth le gluaiseacht siombalach na Fraince. Ba iad Stéphane Mallarmé agus Paul Valéry an bheirt shiombalaí a raibh tionchar mór acu air. I measc na bhfilí Cubacha sa chéad leath den fhichiú haois ba é an file ba shuntasaí díobh siúd a scríobh filíocht ar mhaith leis an fhilíocht, murab ionann is filíocht a dhírigh ar cheisteanna sóisialta nó ar fhilíocht a spreag cultúr na gCúbach de shliocht na hAfraice. Mar gheall ar a spéis i bhfuaimeanna na bhfocal, tá cáil air mar gheall ar an chineál filíochta ar a dtugtar "jitanjáfora" áit a bhfuil focail a bheag nó a mhór gan chiall ach a thugann tábhacht mhór d'fhuaimeanna. Ba thaidhleoir é ó thaobh gairme de, agus bhí cónaí air i mblianta éagsúla san Eoraip agus i Meiriceá.
Rugadh Brull i Camaguey, in oirthear Cúba, áit a raibh a athair Miguel Brull lonnaithe, ina oifigeach de chuid arm na Spáinne. Ba de shliocht de theaghlach úinéirí talún a mháthair Celia Caballero, a bhí ina gcónaí ann ar feadh na glúine fada. Tuigtrar gur shíolraigh sé ó Chatalónaigh,[1] Aragóinigh agus Andalúisigh.
Mar leanbh, bhí sé ina chónaí i ndeisceart na Spáinne i Ceuta agus i Málaga. Bhí sé ina mhac léinn i gCamaguey, nuair a fuair sé amach go raibh sé an-tógtha leis an bhfilíocht. Bhunaigh sé féin agus mic léinn eile iris nár mhair i bhfad ar scríobh sé dánta agus aistí ann.[2] Léifeadh Brull óg an fhilíocht go léir a d’fhéadfadh sé a dhéanamh, agus chuaigh obair na bhfilí siombalacha Francacha i gcion go mór air.
Sa bhliain 1908 bhog sé go Havana, áit ar fhreastail sé ar an Ollscoil agus bhain sé céim amach mar Dhochtúir Dlí ag aois 22. D'oibrigh sé i ngnólacht dlí agus scríobh sé filíocht don iris El Fígaro. Le linn 1914 agus 1915 bhí sé ina bhall den ghrúpa beag a chruinnigh timpeall an léirmheastóra liteartha Dhoiminiceach Pedro Henríquez Ureña.[3] Henriquez, ag chreidiúint go mbeadh todhchaí mar fhile ag Brull, d'éirigh sé ina mheantóir air. Chuir sé é chuig roinnt eagarthóirí agus mhol sé go léifeadh sé filí nach raibh sé eolach orthu.
Sa bhliain 1916 d'fhoilsigh Brull a chéad leabhar filíochta, La casa del silencio. Go gairid ina dhiaidh sin phós sé Adela Baralt, agus d'athraigh sé a ghairm, agus chuaigh sé isteach i seirbhís taidhleoireachta Chúba. Bhí rún diongbháilte ag Brull Cúba a fhágáil toisc go raibh sé spíonta le blianta ag streachailt ar son neamhspleáchais a bhaint amach agus buartha faoi na fadhbanna a bhí os comhair aon tír nua, thuig sé go raibh na healaíona gan téagar, gan spéis acu sna turgnaimh iontacha (an chiúbachas, an t-amhalachas, srl.) agus a tháinig chun cinn leis an oiread sin fórsa san Eoraip.[4]
Filíocht íon Mariano Brull (i Cervantes Virtual) (Rochtain ar 9 Bealtaine, 2018)