Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1965 Achadh na Cloiche, Northern Ireland |
Bás | 1988 22/23 bliana d'aois |
Siocair bháis | Tráma balaistíoch |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gníomhaí polaitiúil |
Teangacha | Béarla |
Fear óg Caitliceach ab ea Aidan McAnespie, a lámhachadh ag seicphointe míleata i gCo Thír Eoghain ar 21 Feabhra 1988. B'fhear Caitliceach Éireannach é Aidan McAnespie (1965 - 21 Feabhra 1988). Mharaigh saighdiúir Briotanach é in Achadh na Cloiche, Contae Thír Eoghain le linn na dTrioblóidí.[1][2]
De ghnáth bhí McAnespie obair i Monaghan Poultry Products.[3]
Mheas an RUC go raibh sé ag bailiú faisnéise faoi bhaill de na fórsaí slándála sa cheantar agus á tabhairt d’aonaid áitiúla an IRA. Ach séanadh i gcónaí go raibh Aidan McAnespie ina bhall den IRA.[4]
Ghearáin McAnespie go minic roimh a mharú go raibh saighdiúirí na Breataine á chiapadh go rialta. Bhí cáil áirithe ar Aidan sa cheantar mar gur bhaist an nuachtán Sunday World ‘Ireland’s most searched driver’ air mar gheall gur rinneadh corpchuardach air deich n-uaire in imeacht aon lá dhéag. Go deimhin, rinneadh cuardach dian air an lá sular maraíodh é sa bhunáit mhíleata ar an bhaile.
Bhí McAnespie ina bhall den chlub áitiúil, Achadh Lú Uí Néill, atá lonnaithe i gcontae Thír Eoghain ach a bhí sa stráice talún idir pointe seiceála arm na Breataine agus an teorainn le contae Mhuineacháin. Go díreach sular thosaigh an cluiche, chuaigh sé chun milseáin a cheannach i stáisiún peitril a bhí tuairim is céad méadar ón phointe seiceála. Ach maraíodh é sular bhain sé an siopa amach. Dúradh gur bhuail piléar amháin sa chliabhrach é agus go raibh sé 200 méadar ón phointe seiceála nuair a fuair sé bás.[4]
Mhaigh Fórsaí na Corónach ag an am gur scaoileadh an gunna de thimpiste.[5] B’amhlaidh, a dúradh, gur scaoileadh an t-urchar nuair a thit gunna ó lámha an tsaighdiúra a bhí á ghlanadh. Níor aontaigh finnéithe leis an leagan sin den scéal. Bhí Rialtas na hÉireann fíoramhrasach faoi fosta.[4]
An lá ina dhiaidh, ar 22 Feabhra, d’fhógair Rialtas na hÉireann go gcuirfeadh Leas-Choimisinéir na nGardaí fiosrúchán ar bun faoin dóigh a maraíodh McAnespie, neamhghnách amach is amach, siocair nach raibh siad sásta leis an mhíniú a thug fórsaí slándála na Breataine ar a bhás.
Státrúnaí an Tuaiscirt, Tom King, ar mire glan faoin fhiosrúchán. Sular fógraíodh an t-iniúchadh go poiblí d’inis Ambasadóir na Breataine chun na hÉireann, Nicholas Fenn, do Noel Dorr ón Roinn Gnóthaí Eachtracha gur údar mór imní ab ea é go raibh sé i gceist fiosrúchán oifigiúil a bhunú faoi nithe a tharla i ndlínse s’acusan agus go mbeadh míle murdar ann dá gcaithfeadh Rialtas na Breataine leis an Phoblacht ar an dóigh céanna.[4]
Ba i ndlínse na Poblachta amháin a bhí fiosrúchán Crowley ag feidhmiú, rud a chuir srian ar a gcuid oibre. Ní raibh a fhoireann ábalta cuairt a thabhairt ar an láthair, scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar an ghunna ná an té a bhíothas in amhras faoi a cheistiú. Mheas Rialtas na hÉireann go mbeadh drogall ar fhinnéithe áirithe labhairt leis an RUC agus gur túisce a roinnfeadh siad a gcuid eolais leis na Gardaí.
Ghlac an fiosrúchán ráitis ó 49 duine ina iomláine, líon nach beag. Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid an rialtais ar an 8 Aibreán 1988 ach níor foilsíodh é.[4]
Cé nár foilsíodh Tuarascáil Chrowley ariamh, nocht an iris Comhar na príomhthátail sa bhliain 2021.[6][7][8] Ní raibh aon ghlacadh a bheag nó a mhór ag Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána leis an mhíniú gur trí thaisme a scaoileadh an t-urchar. Ina theannta sin, bhí Crowley fíorcháinteach faoin síorchiapadh a rinne na fórsaí slándála air.
Cúisíodh saighdiúir in Arm na Breataine, David Holden i ndúnorgain Aidan McAnespie i dtosach i 1988. D’fhógair an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart i mí Mheán Fómhair, 1988, nach rabhthas le leanstan leis an chás in éadan Holden, cheal fianaise.[4]
I mí na Nollag 1988, ghearr an t-arm fíneáil £370.86 ar David Holden.[9]
Rinneadh athbhreithniú ar an gcás - ar iarratas mhuintir McAnespie - agus cinneadh in 2016 an dlí a chur arís ar an saighdiúir. D’iarr Ard-Aighne an Tuaiscirt, John Larkin, ar an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú a dhéanamh faoi dheireadh.
Ar 25 Samhain 2022, i gcúirt i mBéal Feirste, ciontaíodh Holden (52 bliain d'aois ag an am) i ndúnorgain McAnespie,[5] D'admhaigh sé gurbh é ba chionsiocair le marú McAnespie ach mhaígh sé nárbh in aon turas é. Thug David Holden le fios sa triail go raibh a lámha fliuch ag an am agus gur de thaisme a scaoil sé trí philéar as meaisínghunna trom a bhí sé a láimhseáil ag an seicphointe. Dúradh gur bhuail na trí philéar an bóthar, gur athscinn siad agus gur bhuail ceann acu Aidan McAnespie sa droim.[5]
Dúirt an Breitheamh John O'Hara sa chúirt gur thug David Holden cuntas bréagach ar ar tharla agus rialaigh sé gur dúnorgain le teann mórfhaillí an bhí ann.
Ar 2 Feabhra 2023, i gcúirt i mBéal Feirste, gearradh téarma príosúin trí bliana ar fionraí ar Holden.[10]