Niall Ó Donnghaile

Infotaula de personaNiall Ó Donnghaile

(2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Bealtaine 1985
39 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
8 Meitheamh 2016 –
Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uladh
Coláiste Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach é Niall Ó Donnghaile, a rugadh agus a tógadh ar an Trá Ghearr, in oirthear Bhéal Feirste.

Toghadh é ina Ard-Mhéara ar Bhéal Feirste ar an 26 Bealtaine 2011, in aois 25 dó, rud a chiallaíonn gurb é an tArd-Mhéara is óige dá raibh ag an chathair riamh.[1] Tháinig Gavin Robinson mar chomharba air sa bhliain 2012.

Toghadh chun Seanad Éireann é i mí Aibreáin 2016.

2012
2017
2021

Rugadh Ó Donnghaile in oirthear Bhéal Feirste, agus fuair sé a chuid bunoideachais agus meanoideachais go léir trí mheán na Gaeilge. Rinne sé céim sa pholaitíocht ar Ollscoil.

Bhí sé ina bhall de Shinn Féin ó bhí sé 16 bliain d'aois agus toghadh chun Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí na Bealtaine 2011. [2]

Ba ghníomhaithe poblachtacha iad tuismitheoirí Uí Dhonnghaile freisin, agus cuireadh sa phríosún iad le linn na dTrioblóidí.[3]

Toghadh chun Seanad Éireann é i mí Aibreáin 2016.[4] Ar an Rolla Riaracháin a bhí sé. Bhí Ó Donnghaile ar dhuine de na baill Oireachtais is mó a bhíodh ag caint faoi chás na teanga le linn 2016-2024.

Ar an 22 Eanáir 2024 d'éirigh Ó Donnghaile as a ról mar Sheanadóir "ar chúiseanna sláinte". Dúirt sé ag an am go dtabharfadh a chinneadh éirí as an deis dó díriú ar a shláinte. Bhí deacrachtaí sláinte aige a mbíonn sé ag plé leo lena dhochtúir ó 2021.

Ach ansin i mí Mheán Fómhair 2024, sheol Ó Donnghaile teachtaireachtaí míchuí go dtí buachaill 17 bliain d'aois, a bhí ina bhall do Shinn Féin. Dúirt sí go raibh an buachaill ag iarraidh go stopfadh Ó Donnghaile ag seoladh teachtaireachtaí chuige. (Fuair fear eile teachtaireachtaí míchuí ó Niall Ó Donnghaile chomh maith).[5]

Ar an 15 Deireadh Fómhair 2024, d'éirigh Ó Donnghaile as mar bhall de Shinn Féin mar gheall ar a chuid iompair. D'éirigh Ó Donnghaile as CLG Laochra Loch Lao chomh maith, mar uachtarán oinigh ar an gcumann.[6]