![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Feabhra 1928 Baile Uí Raghallaigh, Éire ![]() |
Bás | 19 Meán Fómhair 1994 66 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí ![]() |
Seánra | Ceol na hÉireann |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha |
Amhránaí sean-nóis ab ea Nioclás Tóibín a saolaíodh i mBaile an Raghallaigh, Gaeltacht na Rinne, Contae Phort Láirge ar an 5 Feabhra, 1928 agus a fuair bás ar an 19 Meán Fómhair, 1994.[1] Nuair a bhí sé ina fhear óg b'éigean dó aghaidh a thabhairt ar an mBreatain Mhór ar thóir oibre, ach i ndiaidh filleadh abhaile dó sa bhliain 1960 chuaigh sé le ceoltóireacht agus le hamhránaíocht mar shlí bheatha. Bhí sé ina veidhleadóir freisin.
Ba iad na múinteoirí i mBunscoil na Rinne, Pilib Ó Foghludha agus Úna Parks, a mhúscail suim Niocláis óig sa cheol. Uncail dó ab ea an scríbhneoir Nioclás Tóibín, agus ba mhinic a chanadh sé na ceolta céanna a foilsíodh sa Duanaire Déiseach, leabhar iarbháis leis an uncail.