(it) Notturno indiano | |
---|---|
Cineál | saothar scríofa |
Cárta innéacs | |
Údar | Antonio Tabucchi |
Teanga | an Iodáilis |
Foilseachán | an Iodáil, 1984 |
Foilsitheoir | Enzo Sellerio |
Tréith | |
Seánra | úrscéal |
Suíomh scéalaíochta | an India |
Eile | |
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta | 978-2-267-00507-3 |
Uimhir OCLC | 37013065 agus 13558307 |
Is úrscéal é Notturno indiano de chuid Antonio Tabucchi a foilsíodh sa bhliain 1984.
Finscéal atá ann faoi thuras tríd an India agus na heachtraí éagsúla a thiteann amach don údar is é ag lorg cara leis darb ainm Xavier. Buaileann an t-údar le striapach i Mumbai, le lia in ospidéal agus le Jaineach cráifeach i stáisiún traenach. Ag leanacht dó, casann sé le stiúrthóir an Theosophical Society in Madras. I sráideanna Manglior, casann sé le Arhant, duine míchumasach, agus a dheartháir. I nGoa buaileann sé le Padre Pimentel agus fear an phoist Tommy, agus tríd an scéil le neart fostaithe óstáin. Faoi dheireadh, críochnaíonn an scéal le béile in óstán in éineacht leis an ngrianghrafadóir Christine.
Tríd an gcur síos ar na comhráite leis na daoine thuasluaite, is féidir leis an léitheoir fíorbhlaiseadh den tír agus a muintir a fháil, ach faoi dheireadh níl cinnteacht ar bith againn i leith Xavier.