Rinne Nóirín Ní Riain staidéar i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh faoi Sheán Ó Riada. Mar leanbh, thug sí cuairt ar Mhainistir Ghleann Stáil. Níos déanaí sna 1980idí, rinne sí ceirnín le cór na manach as Mainistir Ghleann Stáil.[1] Mar sin tá spéis leanúnach aici san amhránaíocht ar an sean-nós agus amhránaíocht reiligiúnach.
Bhailigh Pilib Ó Laoghaire[2] cuid mhaith fonn ceoil sna Déise nuair a bhí sé sna fichidí: thug sé an bailiúchán seo don amhránaí Nóirín Ní Riain. As sin, rinne sí an ceirnín Stór Amhrán i 1988.
Scríobh Nóirín Ní Riain leabhair do leanaí freisin.[3]
Bhí Nóirín Ní Riain pósta le Mícheál Ó Súilleabháin, an cumadóir, agus beirt chlainne orthu, Eoin agus Micheál.
↑1987 - Im Bim Babaro, Rabhcáin do Leanaí, Children's Songs from the Irish Tradition, The Mercier Press.; agus 1988 - Stór Amhrán, A Wealth of Songs from the Irish Tradition, Ossian Publications. (reprint 2007)'