Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Nollaig 1881 Contae an Longfoirt, Éire |
Bás | 11 Eanáir 1972 90 bliana d'aois Contae Hartford, Connecticut, Connecticut |
Siocair bháis | Galar |
Áit adhlactha | Reilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Belles-lettres, filíocht agus litríocht do pháistí |
Gairm | scríbhneoir, drámadóir, múinteoir ollscoile, file, scríbhneoir litríocht pháistí |
Fostóir | Ollscoil Columbia |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas
| |
|
Scríbhneoir bisiúil Éireannach ab ea Padraic Colum (8 Nollaig 1881 – 11 Eanáir 1972). Bhí sé ar phríomhphearsaí Athbheochan Litríochta na hÉireann, in éineacht lena bhean chéile Mary Colum. Scríobh sé filíocht, úrscéalta, drámaí, neamhfhicsean agus leabhair do pháistí.
Rugadh Colum mar Patrick Columb i dteach na mbocht i gContae an Longfoirt, mar a raibh a athair ag obair. Eisean an chéad pháiste de ochtar a rugadh dóibh.[1] Nuair a chaill a athair a phost sa bhliain 1889, thug sé aghaidh ar Mheiriceá le páirt a ghlacadh i ruaig óir in Colorado. D'fhan Padraic agus na páistí eile lena máthair in Éirinn. Tháinig athair Coluim ar ais sa bhliain 1892, agus thug an chlann ar fad aghaidh go Glas Tuathail, i aice Bhaile Átha Cliath. Fostaíodh an t-athair mar leasbhainisteoir stáisiún traenach Chuas an Ghainimh agus Ghlas Tuathail. Chuaigh Pádraic go dtí an scoil náisiúnta áitiúil.
I ndiaidh do Susan Columb bás a fháil sa bhliain 1897, briseadh an chlann suas ar feadh tamaill. D'fhan Padraic agus deartháir amháin leis i mBaile Átha Cliath, agus chuaigh a n-athair ar ais go Longfort leis na páistí eile. Chuir Colum críoch lena chuid scolaíochta an bhliain ina dhiaidh agus, in aois a 17 mbliana, d'éirigh leis i scrúdú agus tugadh post dó mar chléireach san Irish Railway Clearing House. D'fhan sé sa phost sin go 1903.
Ba sa tréimhse seo a thug Colum faoin scríbhneoireacht agus a casadh roinnt mórscríbhneoirí na hÉireann air, W. B. Yeats, Lady Gregory agus Æ ina measc. Chuaigh sé le Conradh na Gaeilge agus bhí sé ar an gcéad bhord ar Amharclann na Mainistreach.
Mar eagarthóir:
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |