Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Feabhra 1898 Camloch (Tuaisceart Éireann) |
Bás | 18 Bealtaine 1983 85 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 29 Meán Fómhair 1969 – 1 Bealtaine 1973 | |
Teachta Dála | |
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 19ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1969 | |
Teachta Dála | |
21 Aibreán 1965 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 18ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1965 | |
Tánaiste | |
21 Aibreán 1965 – 2 Iúil 1969 ← Seán Mac an tSaoi – Erskine Hamilton Childers → | |
Teachta Dála | |
11 Deireadh Fómhair 1961 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 17ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1961 | |
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara | |
16 Samhain 1957 – 27 Samhain 1957 ← Seán Moylan – Patrick Smith → | |
An tAire Gnóthaí Eachtracha | |
20 Márta 1957 – 2 Iúil 1969 ← Liam Mac Cosgair – Pádraig Ó hIrighile → | |
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara | |
20 Márta 1957 – 16 Bealtaine 1957 ← Séamus Diolún – Seán Moylan → | |
Teachta Dála | |
20 Márta 1957 – 1 Meán Fómhair 1961 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 16ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1957 | |
Teachta Dála | |
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 15ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1954 | |
Teachta Dála | |
13 Meitheamh 1951 – 23 Aibreán 1954 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 14ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1951 | |
An tAire Gnóthaí Eachtracha | |
13 Meitheamh 1951 – 2 Meitheamh 1954 ← Seán MacBride – Liam Mac Cosgair → | |
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 13 Lúnasa 1949 – 1 Feabhra 1951 | |
Teachta Dála | |
18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 13ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1948 | |
An tAire Airgeadais | |
19 Meitheamh 1945 – 18 Feabhra 1948 ← Seán Tomás Ó Ceallaigh – Patrick McGilligan → | |
Teachta Dála | |
9 Meitheamh 1944 – 11 Nollaig 1947 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 12ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1944 | |
Teachta Dála | |
1 Iúil 1943 – 10 Bealtaine 1944 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 11ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1943 | |
Teachta Dála | |
30 Meitheamh 1938 – 26 Bealtaine 1943 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 10ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1938 | |
Teachta Dála | |
21 Iúil 1937 – 25 Bealtaine 1938 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 9ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1937 | |
An tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide | |
3 Meitheamh 1936 – 11 Samhain 1936 ← Joseph Connolly – Gearroid Ua Beolláin → | |
Teachta Dála | |
8 Feabhra 1933 – 14 Meitheamh 1937 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 8ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1933 | |
Teachta Dála | |
9 Márta 1932 – 22 Nollaig 1932 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 7ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1932 | |
Aire Cosanta | |
9 Márta 1932 – 8 Meán Fómhair 1939 ← Deasún Mac Gearailt – Oscar Traynor → | |
Teachta Dála | |
11 Deireadh Fómhair 1927 – 17 Nollaig 1931 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 6ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Meán Fómhair 1927 | |
Teachta Dála | |
23 Meitheamh 1927 – 16 Lúnasa 1927 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 5ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Meitheamh 1927 | |
Teachta Dála | |
19 Meán Fómhair 1923 – 20 Bealtaine 1927 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 4ú Dáil Toghcheantar: Lú Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1923 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil na Mainistreach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taidhleoir, polaiteoir, feirmeoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | list of Irish Republican Army chiefs of staff (en) |
Teaghlach | |
Céile | Maud Aiken (1934–) |
Polaiteoir sinsearach Éireannach ab ea Proinsias Mac Aodhagáin (níos deireanaí, Proinsias Mac Aogáin ina úsáid féin) nó Frank Aiken as Béarla (13 Feabhra, 1898 - 18 Bealtaine, 1983). Bhí ról conspóideach aige mar bhall den IRA sna 1920idí; tharla ionsaithe seicteacha agus b'fhéidir go raibh baint aige leo.
In éineacht le Eamon de Valera, bhí sé ar dhuine acu siúd a bhunaigh Fianna Fáil ar 23 Márta, 1926. Vótáladh isteach ar an Dáil an chéad uair sa bhliain 1923 é, agus mhair sé ansin go dtí an bhliain 1973. Bhí sé ina Thánaiste sna blianta ó 1965 go dtí 1969.
Fear mór na síochána a bhí ann mar thaidhleoir agus An tAire Gnóthaí Eachtracha 1957 - 1969.
Saolaíodh Aiken i gCamloch, Contae Ard Mhacha, sa bhliain 1898.
Chuaigh Aiken isteach sna hÓglaigh sa bhliain 1914, agus bhí sé ina bhall den IRA i gCogadh na Saoirse. Faoi 1920 bhí sé ina leasbhriogáidire i mBriogáid an Iúir agus an bhliain dár gcionn ina cheannaire ar 4ú Roinn an Tuaiscirt.[1] Bhí sé i gceannas nuair a dódh beairic na bpílear san Iúr.
Um Nollaig tugadh fogha faoin mbeairic i gCamloch agus bhí de thoradh air sin gur dódh teach mhuintir Mhic Aogáin an mhaidin dár gcionn. Bhí sé ar a choimeád ina dhiaidh sin, rud a chabhraigh leis chun géarú ar na buillí cogaidh.
Ba é a bhí i bhfeighil an luíocháin roimh thraein in Achadh an Dá Mhaol in aice leis an Iúr i 1921; maraíodh ceathrar saighdiúirí agus ceithre scór capall den mharcshlua a thionlaic Rí Seoirse V chun Parlaimint Thuaisceart na hÉireann a oscailt ar 22 Meitheamh 1921.
Ar 17 Meitheamh 1922, mharaigh an Roinn chéanna seisear Protastúnach in Allt na bhFiach[2] sa dúiche chéanna i ndíoghail Caitlicigh a maraíodh.[3] Maraíodh 13 Protastúnach in iomlán le linn an tréimhse seo.[4]
Ní raibh an tAodhagánach sásta leis an gConradh Angla-Éireannach ná leis an Saorstát, agus mar sin, chuir sé troid ar lucht leanúna an Choileánaigh. Tháinig sé i gcomharbas ar Liam Ó Loingsigh mar Cheann Foirne ar an IRA. B'eisean a d'ordaigh don IRA scor den chath agus na hairm a dhumpáil, ar an 24 Bealtaine, 1923, agus mar sin, is féidir a rá gurbh eisean a chuir deireadh le Cogadh Cathartha na hÉireann. Mhair sé ina Cheann Foirne ar an IRA go dtí 12 Samhain, 1925.
Bhí Aiken ar an chéad Aire Cosanta in aon rialtas de chuid Fhianna Fáil, agus b'eisean a choinnigh súil ar chúrsaí cosanta na tíre i Ré na Práinne, is é sin, i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Sna blianta i ndiaidh an chogaidh, chaith sé trí bliana ina Aire Airgeadais.
Tháinig Aiken i gcabhair go praiticiúil ar imeachtaí na Gaeilge. Fuair Comhar agus An Glór (Feasta níos déanaí) deontais speisialta. Ba eisean a bhunaigh 'Scéim na dTithe Gloine don Ghaeltacht' agus 'Scéim na Seallaí', agus b'fhéidir 'Scéim an Chúig Phunt' freisin.[1]
Cé nach raibh labhairt na Gaeilge go han-líofa aige, bhí sí réasúnta maith ag Aiken agus bhí fonn air í a labhairt.
Is mar Aire Gnóthaí Eachtracha is mó is cuimhin leis na daoine é inniu. Chuir sé béim ar chearta na náisiún beag mar bhaill chothroma de na Náisiúin Aontaithe, agus theastaigh uaidh polasaí neamhspleách a bheith ag Éirinn sna gnóthaí eachtracha. Bhí sé barúlach gur chóir d'Éirinn dlúthpháirtíocht a léiriú do na náisiúin bheaga eile, ar nós na Tibéide agus na hUngáire, a bhí i mbéal an phobail sna caogaidí.
Thacaigh sé le neamhspleáchas na hAilgéire freisin, nuair a bhí cogadh coilíneach ar siúl ag an bhFrainc sa tír sin, agus bhí sé go tréan in aghaidh na hapairtéide.
Chuir Aiken béim ar thábhacht an dlí idirnáisiúnta mar urra le saoirse na náisiún beag agus mar sciath chosanta ar bhagairt an chogaidh adamhaigh. Bhí plean dá chuid féin le síocháin a thabhairt isteach sa Mheán-Oirthear, agus shíl sé gurbh í Éire an tír cheart le headráin a dhéanamh idir Iosrael agus na hArabaigh, ó bhí caidreamh maith ag Éirinn le dhá thaobh na coimhlinte.
Chuir Mac Aogáin tús le conradh in aghaidh iomadú núicléach sa bhliain 1958. Chuir sé dréachtrún chun tosaigh a mhol bunú coiste a scrúdódh na contúirtí a bhainfeadh le scaipeadh na n-arm seo.[5] Mar sin, thug Éirinn isteach na chéad 'Réitigh Éireannacha', mar a tugadh orthu ag na Náisiúin Aontaithe agus as sin a lean an NPT.
Síníodh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach (NPT) ar 1 Iúil 1968.[6][7] Mar aitheantas ar an ról ceannródaíoch sin, ba í Éire an chéad tír - agus Aiken mar ionadaí - a fuair cuireadh an NPT a shíniú in 1968 i Moscó.
Bhí an neamhspleáchas intinne aba dhual do sheanóglach léirithe ag Mac Aogáin nuair a vótáil sé ar son díospóireachta sa gcomhdháil faoi ionadaíocht a thabhairt do Phoblacht Phobal na Síne. Chuaigh sé in aghaidh thoil Mheiriceá agus, de réir Dorr,[8] in aghaidh thoil na hEaglaise Caitlicí in Éirinn agus thar lear.[5] Tháinig Mac Aogáin faoi chith ionsaithe sa bhaile fósta ó Easpag na Gaillimhe an Dr Michael Browne agus ón Irish Catholic agus The Standard. Ach sheas sé an fód agus mhair sé lena dheimhniú go raibh an ceart cosanta aige.
D'éirigh Aiken as an bpolaitíocht go hiomlán sa bhliain 1973, ó bhí sé míshásta le Cathal Ó hEochaidh agus leis an tionchar a bhí aige siúd sa pháirtí.
D'iarr an tUachtarán de Valera air bheith ina iarrthóir d'Fhianna Fáil sa chéad toghchán Uachtaráin eile, ach d'fhág Aiken an Uachtaránacht ag Erskine Hamilton Childers.