Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | NPD |
Cineál | páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | an sóisialachas |
Ailíniú polaitíochta | eite chlé |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1958 |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1963 |
Eile | |
Dath | |
Páirtí polaitiúil Éireannach ab ea an Páirtí Náisiúnta Daonlathach Forásach (Béarla: National Progressive Democrats).[1] Páirtí beag den eite chlé a bhí ann.
Bhunaigh Nollaig de Brún agus Jack McQuillan an páirtí ar bhunús sóisialach sa bhliain 1958.
Chuireadar an-bhrú ar rialtas Fhianna Fáil ag cur ceisteanna agus ag iarraidh díospóireachtaí go dtí gur athraíodh na rialacha d’aon turas chun a leithéid a chosc ar aon pháirtí nach raibh seachtar teachtaí acu.[2] Pléadh 9 rún in am comhaltaí príobháideacha sa Dáil idir 1958 agus 1961, 7 dóibh ón mbeirt. Chuir siad 1400 ceisteanna sa Dáil sna blianta 1961 agus 1962, 17% den iomlán. Thug Seán F. Lemass an "fíor-fhreasúra" orthu. Ach ba mhinic an masla ‘Ask Khrushchev’ a chaitheamh leo sa Dáil – tagairt do cheannaire an Aontais Shóivéadaigh.
Níor tháinig méadú ar thacaíocht an pháirtí d'ainneoin na hoibre a chuir an bheirt i gcrích sa Dáil. Áth-thoghadh an bheirt in olltoghchán 1961. Díscoireadh an páirtí sa bhliain 1963 nuair a chuaigh an bheirt isteach i bPáirtí an Lucht Oibre.