Longchlós | Fairfield Shipbuilding and Engineering Company agus Baile a' Ghobhainn |
---|---|
Uimhir a shanntar ag an longchlós | 596 |
Tír chlárúcháin | |
Saintréithe teicniúla | |
Cineál | línéar farraige móire |
Aicme | línéar farraige móire |
Díláithriú | 13580 tonna |
Fad | 160.4 m |
Tuilleadh eolais | |
Comhartha glao | |
Coimhlint | an Dara Cogadh Domhanda |
Línéar paisinéirí trasatlantach ab ea an SS Athenia, a tógadh i nGlaschú sa bhliain 1922.
Ar an 3 Meán Fómhair 1939, ar an chéad oíche den chogaidh, cuireadh an long chúrsála go tóin poill nuair a bhuail toirpéad Gearmánach í amach ó chósta thiar thuaidh Dhún na nGall.[1] Scaoil fomhuireán toirpéad leis an Athenia sna huaireanta an chloig i ndiaidh don Bhreatain cogadh in aghaidh na Gearmáine a ghairm i 1939.
Bhuail toirpéad ón U-30 an Athenia ag 7:38 an tráthnóna céanna. Thóg sé go dtí a 11 ar maidin lá arna mháireach don long dul faoi - a postaí ba túisce a báthadh. Tarrtháladh 1301; maraíodh 117, arbh Meiriceánaigh cuid mhór acu san eachtra. Tugadh na marthanóirí go Gaillimh.
Bhí na Stáit Aontaithe neodrach ag an am. Mar sin, shéan an Ghearmáin go raibh aon bhaint acu leis an eachtra ar dtús, ar eagla go meallfaí an Meiriceánaigh sa chogadh ina n-aghaidh. Dúirt na Gearmánaigh fiú gur ordaigh Winston Churchill d'fhomhuireán na Breataine an Athenia a chur faoi ionas go gcuirfí brú ar Mheiriceá a ndílseacht a léiriú.[2] Tháinig an fhírinne chun solais áfach tráth ar tionóladh triaileacha Nurenberg.
Meastar go ndearna scipéir an fhomhuireáin, Oberleutnant Fritz Julius Lemp botún, nuair a cheap sé gur long chabhlaigh a bhí san Athenia seachas long phaisinéirí. Níos déanaí, d’ionsaigh an fomhuireán U-30, faoi stiúir Lemp, an SS Fanad.[3]
Sa bhliain 2017, fuair an SS Athenia ar ghrinneall na farraige amach ó chósta Dhún na nGall, báite 200m faoi thoin ar an Rocal.