Is scannán ina bhfuil ábhair nó radhairc ghraosta, ghairsiúla, ghlonnmhara, dhéistineacha, shamhnasacha d'aon turas é scannán otair. Is iad comharthaí sóirt scannán otair ná scéal a ghluaiseann ar aghaidh go mear, béim ar ghreann a bhaineann le leithris agus nithe ábartha eile, comhriachtain, greann amaideach, tuth na colainne agus nithe eile a bhaineann le feidhmiú na colainne ar nós bheith ag gaofaireacht agus ag brúchtach, drochiompar, cearmansaíocht, bachram, luargacht ar nós smugaí a thochailt sa srón, bia a chaitheamh i mbruíon, daoine á nochtú féin gan cúis agus caint cáidheach. Tá an cineál scannán seo dírithe ar aoisaicme óg idir a 18 agus a 25.
Thosaigh léiritheoirí scannáin ag déanamh na cineál scannán seo ag deireadh na 1960í.
Cheaptar gurb é an scannán Pink Flamingos (1972) a chur tús leis an aicme scannáin seo de bharr an radharc sa scannán inar itear cac madra ann. Ó deireadh na 1990í, tá borradh tagtha ar na scannáin seo. Bhí an-éileamh ar scannáin amhail There's Something About Mary, Porky's, American Pie, Old School nó Wedding Crashers. Tá clú agus cáil ar na scannáin otra a rinne Sacha Baron Cohen, Borat agus Bruno ach go háirithe.
Seo a leanas cnuasach de na scannáin otra is cáiliúla: