Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Thomas Osborne Davis 14 Deireadh Fómhair 1814 Mala |
Bás | 16 Meán Fómhair 1845 30 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn agus fiabhras dearg) |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm |
Reachtaire de Chumann Staire an Choláiste | |
19 haois – 19 haois | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Anglacánachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, polaiteoir, file, iriseoir |
Ainm cleite | The Celt Celt |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Bhí Tomás Dáibhis (14 Deireadh Fómhair 1814 - 16 Meán Fómhair 1845), nó Thomas Osborne Davis, ina scríbhneoir réabhlóideach agus mór-phearsa na gluaiseachta liteartha Éire Óg (Young Ireland).
Ba náisiúnaí cultúrtha é, agus chuir sé an teanga Ghaeilge chun cinn. Eisean a dúirt "a people without a language is only half a nation".
Rugadh é i Mala i gcontae Chorcaí. Bhí a athair, Breatnach, ina mháinlia san Artléire Ríoga. Éireannach as Corcaigh ba ea a mháthair ó dhúchas. Trína mháthair, shíolraigh sé ó theaghlach Gaelach (Ó Súileabháin Bhéara).
Mí ina dhiaidh a bhreith, fuair a athair bás agus ansin, bhog a mháthair go Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1830, bhog an bheirt acu go 67 Sráid Baggot Íochtarach sular thosaigh sé ag staidéar i Coláiste na Tríonóide.[1] Is san áit sin, i 1836, ar bhain sé céim amach sna healaíona. Glaodh chun an bharra sa bhliain 1838.
Bhásaigh sé in aois a thriocha bliain ó fhiabhras dearg. Tá sé curtha i Reilig Chnocán Iaróm.[2]
Bhí Davis ina Protastúnach, ach mhol sé aontacht idir Caitlicigh agus Protastúnaigh agus aontacht na hÉireann.
Ba é a scríobh an dán cáiliúil A Nation Once Again,[3] ónar tháinig an t-amhrán náisiúnach den ainm céanna. Chum sé na hamhráin, 'The West's Cailleach', agus 'In Bodenstown Churchyard'[4]. Chomh maith le sin, scríobh sé an 'Lament for Owen Roe O'Neill'.[5]
Bhunaigh sé nuachtán 'The Nation' le Charles Gavan Duffy[6] agus John Blake Dillon[7].
Dúirt Davis, as Béarla:
"The Irish Language should be cherished, taught and esteemed, and that it can be preserved and gradually extended".
Bhí sé den tuairim gur chóir an teanga a theagasc, a chothú agus meas a thabhairt di agus gur chóir dúinn an teanga a chaomhnú
Ar feadh seachtaine, i Meán Fómhair, 1945, d'eagraíodh imeachtaí ar fud na tíre. Nochtadh dealbh de Dáibhis, a chruthaigh Edward Delaney ar 'College Green'[8], Baile Átha Cliath, sa bhliain 1966, agus d'fhreastail Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera ar an ócáid.
Tá meánscoil ina bhaile dúchais (Mala), Cólaiste Dáibhis (Davis College)[9] ainmnithe ina onóir. Chomh maith le sin, tá go leor clubanna Cumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre, ainmnithe ina onóir, ceann amháin, i mBaile Átha Cliath[10] agus ceann eile i gcontae Ard Mhaca[11], san áireamh.
Tá 'Fort Davis' i gCuan Corcaí ainmnithe ina onóir. Tá Shráid Thomáis Dáibhis i gCorcaigh ainmnithe ina onóir.[12]