Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Henry of Saltrey (en) |
Teanga | Laidin na meánaoise |
Foilseachán | 12 haois |
Tréith | |
Seánra | litríocht taistil |
Leabhar a scríobhadh san dara chéad déag idir 1179-1190 i Laidin is ea Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii. Scríobhadh é ag manach anaithnid in Cambridgeshire, Sasana, a shínigh é féin mar "H" amháin, chun a h'umhaltacht a thaispeáint. Níos déanaí glaoitear Anraí ó Sawtry air. Aistríodh go neart teangacha eile é agus d'ob é an leabhar ar a bhí an tór is mó sna céadta bliain dár gcionn.
Thaistil ridire gaelach den ainm Owein go dtí Purgadóir Naoimh Phádraig le maithiúnas a fháil ar a chuid peacaí trom. Chuireadh comhairle air bheith ina mhanach agus neart rudaí eile a dhéanamh seachas leanacht air, le maithiúnas a fháil ach dár leis, bhí a chuid peacái chomh trom sin nach raibh aon dul as ach Purgadóir Naoimh Phádraig a dhéanamh. Rinne sé amhlaidh agus instear dúinn faoin gciapadh ar fhulaing sé. I ndeireadh na dála d'fhill sé agus maithiúnas faighte aige. As seo is ea a d'fhás an nós thart faoi Éirinn agus níos faide i gcéin oilirtheacht a thabhairt ar Loch Dearg.