(2019) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Dermot Kennedy |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Dermot Joseph Kennedy 13 Nollaig 1991 32 bliana d'aois Ráth Cúil, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, liriceoir, cumadóir, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 2015 – |
Teangacha | Béarla |
Lipéad ceoil | Interscope Records Island Records |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh gréasáin | dermotkennedy.com |
Is ceoltóir agus cumadóir Éireannach é Diarmuid Ó Cinnéide (Dermot Kennedy i mBéarla) as Rath Cúil i mBaile Átha Cliath[1]. Rugadh é ar an 13 Nollaig 1991[2]. Seoladh a chéad albam Without Fear sa bhliain 2019. Díoladh 1 mhilliún cóip den albam ar fud an domhain ó eisíodh é[3]. Bhain sé clú idirnáisiúnta amach ar Spotify, le breis agus 20 milliún éisteoir gach mí[4].
Thosaigh Diarmuid ag seinm an ghiotáir agus é deich mbliana d'aois[5], ach níor thosaigh sé ag scríobh amhráin go dtí go raibh sé 14 bliana d’aois[6]. In a lán agallaimh a rinne sé leis na meáin, deir Diarmuid go raibh an-spéis aige sa sacar nuair a bhí sé óg agus ní raibh sé go dtí sé 17 mbliana déag d'aois a ghlac sé ceol dáiríre[7].
Rinne Diarmuid staidéar ar cheol clasaiceach in Ollscoil Mhá Nuad[8].
Thosaigh Ó Cinnéide ag buscáil ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois[9]. Dúirt Cinnéide go minic gur spreag Glen Hansard é chun dul ag buscáil agus ba é an chéad cheirnín a cheannaigh sé riamh ná ceirnín de chuid The Frames[10]. Chaith sé samhradh ag buscáil i mBostún[11], agus spreag an samhradh sin é a chum an t-amhrán Bostún. In Oíche Nollag 2011, fuair sé an deis chun dul amach ag buscáil le Glen Hansard, Mundy agus níos mó[12]. Chan siad leagan d'amhrán de chuid Bob Dylan You Ain't Goin' Nowhere. I Mí na Nollag 2014, thug Glen Hansard cuireadh dó teacht suas ar an stáitse chun seinm i seó díolta amach ar Shráid an Bhiocáire[13].
Bhí Cinnéide i mbanna ceoil Shadows & Dust ar feadh trí bliana[14] in éineacht lena dhlúthchara agus drumadóir faoi láthair Micheál Quinn[15]. D’eisigh siad a gcéad EP Every Year Forever an 7 Meitheamh 2013[16].
Thaifead Cinnéide trí EPeanna / traiceanna leis an airgead a thuill sé trí bhuscáil[17]. Eisíodh an EP Doves & Ravens an 14 Aibreán 2017[18] ina raibh 4 amhrán. Bliain ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé le léiritheoir ceoil Mike Dean (aitheanta as a chuid oibre le hamhránaithe hip hop mar Kanye West[19]) chun an EP Mike Dean Presents : Dermot Kennedy[nasc briste go buan] a eisiúint an 6 Aibreán 2018, leaganacha d'amhráin Frank Ocean agus Drake san áireamh[20].
Chuir Spotify cor ina shaol[21]. Thosaigh sé ag uaslódáil a chuid amhrán ar Spotify, gan aon fhoireann bhainistíochta nó lipéad ceoil ag an am[22]. Bhí a amhrán After Rain le feiceáil ar an seinmliosta Discover Weekly ar Spotify i 2016. Chuir Taylor Swift an t-amhrán Boston ar a seinnliosta freisin, agus bhí a chuid ceoil ag dul i gcion ar phobal níos leithne mar thorradh[23].
Dhíol Cinnéide amach Sráid an Bhiocáire i 2018[24]. Bhí sé ar NPR Tiny Desk i Mí Lúnasa 2018[25]. Is ag an The Late Show le Steven Colbert a chas sé den chéad uair ar theilifís Mheiriceá i Mí Eanáir 2019[26]. Ó shin i leith, chás sé ar The Ellen Show le Ellen DeGeneres[27](i 2019 agus 2021), agus ar Jimmy Kimmel i 2020[28]. I 2019, bhí sé ar stáitse ag an bhféile cheoil, Coachella, i Meiriceá ar feadh dhá dheireadh seachtaine[29].
I mí Lúnasa 2019, chás Cinnéide ag an bPicnic Leictreach ina phríomhoirfideach os comhair slua 20,000, ar fad sular eisíodh a chéad albam[30]. I Mí na Nollag 2019, dhíol sé amach an 3 Airéine i mBaile Átha Cliath, os comhair 1300 duine gach oíche[31].
Bhí sé ina cheoltóir tacaíochta ag Mumford & Sons i mí an Mheithimh 2019 i gCaisleán Mhullach Íde[32]. An bhliain ina dhiaidh sin, dhíol sé amach Caisleán Mhullach Íde mar phríomhoirfideach, ach cuireadh an cheolchoirm ar athlá go dtí 2021 mar gheall ar an bpaindéim Covid-19[33].
I 2020, sceidealaigh sé camchuairt dhomhanda, ar fud na hÉireann, na SAM agus na Breataine Móire. Díoladh gach ticéad don chamchuairt na hÉireann taobh istigh de 24 uair[34]. Ach cuireadh siar ar chamchuairt mar gheall ar phaindéim Covid-19 go dtí 2021[35].
Bhí sé ar an eagrán bliantúil den Late Late Toy Show i 2020 gan fhios don cheoltóir óg Michael Maloney agus é ag canadh an amhráin Giants[36].
I 2020, ghlac sé páirt i Soccer Aid in éineacht le hiarchaptaen na hÉireann, Robbie Keane. Bhuaigh sé laoch na himeartha[37].
Le linn an dianghlasáil Covid-19, thug sé taispeántas os comhair lucht féachana ar líne ar fud an domhain sa Mhúsaem Náisiúnta Stair i Londain an 25 Iúil 2020[38]. Some Summer Night a bhí ar an imeacht, focail óna amhrán All My Friends[39]. Bhí Paul Mescal in éineacht leis[40].
Tá sé sínithe faoi láthair leis an lipéad ceoil Island-Universal, agus tá sé faoi bhainistíocht le Tap Management[41].
Is minic a thagraíonn siad dóibh féin mar The Potato Boys (na buachaillí prátaí)[45]
EP/Singil | Ainm | Dáta Saortha |
---|---|---|
EP | Doves & Ravens | 2017 |
EP | Mike Dean Presents:Dermot Kennedy | 2018 |
EP | Lost in the Soft Light | 2020 |
EP | History | 2021 |
Singil | An Evening I Will Not Forget | 2015 |
Singil | Shelter | 2016 |
Singil | After Rain | 2016 |
Singil | Moments Passed | 2017 |
Singil | Young & Free | 2018 |
Singil | Power Over Me | 2018 |
Singil | For Island Fires & Family | 2019 |
Singil | Lost | 2019 |
Singil | Outnumbered | 2019 |
Singil | Resolution | 2020 |
Singil | Giants | 2020 |
Singil | Paradise (le Meduza) | 2021 |
Seinnliosta | Spotify Singles | 2018 |
Bailiúchán | Dermot Kennedy | 2019 |
Is é Without Fear (as Gaeilge : gan faitíos, gan eagla )an chéad albam ó Diarmuid Ó Cinnéide. Eisíodh an t-albam an 4 Deireadh Fómhair 2019[47]. Scríobh agus thaifead Cinnéide an chuid is mó den albam i Nua-Eabhrac.[48] Ba é Without Fear an t-albam is sruthaithe de 2020 in Éirinn ar Spotify[49], agus bhain sé barr na gcairteacha amach. Tá sé ag uimhir a haon sna cairteacha na hÉireann don 25ú seachtain ón 26 Márta amach[50].
Seoladh an t-albam ina iomláine, Without Fear : The Complete Edition ar 6 Samhain 2020, a chuimsigh leagan d’amhrán Van Morrison Days Like This[51].
Dúirt Cinnéide gur deacair rogha a dhéanamh ar liricí amhrán is fearr leis, ach gurb é ‘there's beauty in being broken’ ón amhrán Without Fear an ceann is fearr leis[52].
Dúirt Cinnéide go minic gur spreag David Gray, Glen Hansard agus a leithéid é[53]. Tugann seánra hip hop an-inspioráid dó, agus dúirt sé gur meascán d'amhránaí is scríbhneoir agus hip hop a chuid ceoil. Chan sé leagan d'amhrán Kanye West Heartless i 2018[54].
Ciallaíonn Diarmuid ‘without fear (gan eagla)’ sa Ghaeilge.
I 2018, bronnadh dó leis an cheoltóir nua is fearr de 2018 de chuid NPR Slingshot[55].
Mholadh sé do Choice Music Prize don amhrán Éireannach is fearr i 2020 leis a amhrán Giants, amhrán a chuir sé amach i rith paindéime Covid-19[56].
Ainmníodh é do Ghradam Brit don cheoltóir aonair idirnáisiúnta is fearr i gcatagóir na bhfear i 2020[57].
Ba é Diamuid an chéad cheoltóir Éireannach a fuair uimhir a haon ag an Nollag le breis agus 15 bliana lena singil Giants i 2020[58]. I mí na Nollag 2020, bhí Diarmuid mar uimhir a haon sna cairteacha albam agus singilí, leis an albam Without Fear agus Giants[59].
Is aintín Diarmuid Ó Cinnéide í Mary Ní Chinnéide a raibh cáil uirthi as a cuid oibre ar RTÉ mar láithreoir ar Nationwide[60].
Is grianghrafadóir gairmiúil í col ceathrair Diarmuid, Lucy Foster, iníon le Mary Ní Chinnéide. Téann sí ar chamchuairt le Diarmuid mar a ghrianghrafadóir[61].
Is amhránaí Éireannach í Deirdre Ní Chinnéide ar Inis Mór, agus is aintín Diarmuid í[62]. Is minic a labhraíonn Diarmuid faoin gcaoi ar spreag Inis Mór go leor dá chuid amhrán, agus rinneadh an físeán ceoil do For Island Fires & Family a scannánú ar Inis Mór[63].
Tá cailín fadtéarmach aige, Aisling Finnegan, agus is Rós Baile Átha Cliath í ag Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí 2015[64].
Is duine príobháideach é Diarmuid den chuid is mó agus ní roinneann sé a lán ábhar pearsanta ar na meáin shóisialta[65].