(2018) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Bealtaine 1973 51 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Áit chónaithe | Dún Laoghaire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cumadóir amhrán, láithreoir teilifíse |
Fostóir | Virgin Radio RA (2024–) Raidió Teilifís Éireann (–2023) |
Suíomh gréasáin | ryantubridy.ie |
Is láithreoir teilifíse agus raidió Éireannach é Ryan Tubridy, a rugadh ar 28 Bealtaine sa bhliain 1973. Is as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath dó. D'fhág Tubridy RTÉ sa bhliain 2023 i bhfianaise na conspóide a tarraingíodh faoi íocaíochtaí áirithe a tugadh dó ach nár fógraíodh go poiblí. Tá ceangal conartha air anois obair a dhéanamh le Virgin Radio UK i Londain.
Tar éis dó blianta a chaitheamh ag cur cláir éagsúla i láthair (mar shampla The Rose of Tralee), fuair sé a sheó cainte féin Tubridy Tonight ar RTÉ 1 sa bhliain 2004.
Fógraíodh i mBealtaine 2009 go mbeadh sé mar láithreoir The Late Late Show, tar éis do Phat Kenny a fhógairt go mbeadh sé ag éirí as an bpost sin ag deireadh shéasúr 2008-2009.
Chuir an Tiobraideach an seó i láthair don chéad uair ar 5 Meán Fómhair 2009. D'éirigh sé as in 2023.[1]
Bhí clár raidió ag Tubridy idir an 9 am agus an 10 am chuile mhaidin den tseachtain ar RTÉ Raidió a hAon, go dtí 2023. Tugadh bata agus bóthar do Tubridy ar an 22 Meitheamh 2023.[2]
Tháinig sé chun solas sa bhliain 2023 gur athraigh RTÉ na figiúirí i dtaca le pá Ryan Tubridy chun an chuma a chur ar an scéal go raibh an craoltóir ag fáil níos lú ná €500,000 sa bhliain. Íoc RTÉ €150,000 breise le Tubridy mar chuid de mhargadh faoi obair bholscaireachta a dhéanamh do Renault. Dúirt RTÉ gur €491,667 a fuair Tubridy in 2017, gur €495,000 a fuair sé in 2018 agus gur €495,000 a íocadh leis in 2019. Ach ba í fírinne an scéil gur íocadh €511,667 leis in 2017, go bhfuair Tubridy €545,000 in 2018 agus go bhfuair sé €545,000 in 2019.[3]
Bhain €225,000 den airgead sin le trí íocaíocht bhliantúil €75,000 a fuair Tubridy as obair a bhí sé le déanamh mar aoi ag ócáidí poiblí do Renault. Mar chuid den mhargadh idir RTÉ, Renault agus an láithreoir, chinn RTÉ go seasfaidís an costas a bhain leis na táillí. Sa chéad bhliain den mhargadh, thug RTÉ nóta sochair arbh fhiú €75,000 é do Renault a d’íoc Tubridy. Sa dá bhliain eile, nuair a d’éirigh Renault as an socrú, d’íoc RTÉ Tubridy as cuntas babhtála tráchtála a bhí acu.[3]
D'fhág Tubridy RTÉ in 2023 i bhfianaise na conspóide. Dúirt RTÉ gur mhaith leis go n-íocfaí an t-airgead ar ais le RTÉ.[3] Ní raibh Tubridy sásta é sin a dhéanamh. Ba mhór an t-ísliú céime dó é Ach ní raibh sé sásta an locht go léir a bhreith chuige féin.
Ag tosú in Eanáir 2024, craolfar clár le Tubridy ar Virgin Radio UK i Londain idir 10 a chlog ar maidin agus 1 a chlog san iarnóin ó Luan go hAoine. Craolfar an clár go comhuaineach ar stáisiún raidió Q102 i mBaile Átha Cliath.[4]
Ina cheann sin, cuireann Tubridy clár eile i láthair ar an deireadh seachtaine agus craolfar an clár sin ar roinnt stáisiún raidió leis an gcomhlacht Wireless Ireland, mar atá, Q102, 96FM i gCorcaigh, Live 95 i Luimneach agus LMFM i gCo Lú-Co na Mí.[4]
Tá ceangal na nglúnta ag Ryan Tubridy féin le Gaeltacht Chonamara. Bhí sin-seantuismitheoirí an chraoltóra ina múinteoirí i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara.
Bhí a mac siúd, an Dr. Seán Tubridy, ina dhochtúir leighis i mBéal an Daingin agus páirteach i gCogadh na Saoirse agus é ina Theachta Dála ag Fianna Fáil i gConamara ina dhiaidh sin, agus bainteach leis an eagraíocht Muintir na Gaeltachta a bhunú le Máirtín Ó Cadhain.[5] D’athraigh muintir Tubridy soir ar an Órán Mór níos deireanaí agus ba ansin a rugadh a athair.[6]
Poblachtach neamh-leithscéalach ba ea seanathair Ryan Tubridy, Todd Andrews, ón taobh eile.[7] Bhí sé ina dhochtúir leighis i mBéal an Daingin agus ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar. D’athraigh muintir Tubridy soir ar an Órán Mór níos deireanaí agus ba ansin a rugadh athair Ryan.[8]
Bhí teach saoire ag a sheanathair, ar thaobh a mháthar, Todd Andrews i mBaile na hAbhann, atá fós ann.[6]
Dúirt an Tiobraideach sa bhliain 2021, “Is breá liom TG4. Ba mhaith liom an Ghaeilge a thabhairt ar ais i mo shaol ar bhealach éigin, agus déarfainn gur rud é a dtabharfainn faoi nuair a bheidh an rud seo curtha dínn againn... Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís agus a bhuíochas sin ar fad do TG4."[5]
Tá beirt iníonacha ag Tubridy agus an léiritheoir RTÉ, Ann Marie Power. Bhí Tubridy ag dul amach le Aoibhinn Ní Shúilleabháin, craoltóir, eolaí agus Gaeilgeoir, idir 2009-2014.[9]