Cineál | féile ![]() | ||
---|---|---|---|
Bailíocht | 2004 - | ||
Suíomh | An Sráidbhaile, Éire ![]() | ||
Tír | Éire ![]() | ||
Suíomh gréasáin | electricpicnic.ie ![]() |
Is féile bhliantúil cheoil agus ealaín é An Phicnic Leictreach[1][2][3] (nó An Phicnic Aibhléise, An Phicnic Aibhléiseach, An Fhleadhóg Leictreach uaireanta; Béarla: Electric Picnic) a bhíonn á chur ar siúl i Halla an tSráidbhaile, An Sráidbhaile, Contae Laoise in Éirinn.
Bíonn sé á reáchtáil ag Pod Concerts agus Festival Republic, a cheannaigh an scairsheilbh tromlaigh sa bhliain 2009. Roghnaíodh í mar 'Best Medium-Sized European Festival' sa bhliain 2010 ag European Festival awards é, agus vótáladh mar 'Best Big Festival' i ngach Irish Festival Awards ó tosaíodh ag bronnadh na ngradam sa bhliain 2007.
Tá clú agus cáil dhomhanda ar an bhFleadhóg, dúradh gur leagan Éireannach de Glastonbury a bhí ann chomh maith le inspioráid do Latitude. Chuir an irisleabhar Mheiriceánach, Billboard, síos air mar seo "a magnificent rock n roll circus, a textbook example of everything a festival should be" agus mhaíomh Rolling Stone gurbh é ceann de na féilte ab fhearr a d'fhreastail siad air riamh. Bíonn rogha cheoil níos leithne ag An bhFleadhóg Leictreach agus is éagsúil an fhéile í ó chinn eile in Éirinn dá bharr. Cuirtear níos mó béime ar sheirbhísí agus áiseanna maithe (bia agus socraithe codlata) agus bíonn an t-atmaisféar, go ginearálta, níos séimhe agus dearfaí. Cuirtear béim ar leith ar ghníomhachtaí glasa, freisin.
Bíonn i bhfad níos mó ná ceol i gceist leis an bhFleadhóg; puball pictiúrlainne, láthair Corp agus Anam agus Puball Coméide Idirnáisiúnta (bhí Des Bishop ina fhear tí le roinnt blianta). Sa bhliain 2008, d'fhreastail Amnesty International ar an bhFleadhóg mar chuid den Chomóradh 60 Bliain ar Chearta Daonna.
Thosaigh An Fhleadhóg Leictreach mar féile lae sa bhliain 2004 agus an bhliain dár gcionn féile dheireadh seachtaine a bhí inti. Deirtear go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas gach bliain agus is gar go mbeidh sé níos mó ná Oxegen - díoladh gach ticéad do fhéile na bliana 2008 níos tapúla ná riamh.
Is in 2007 a chuir Rossa Ó Snodaigh agus a chomhghleacaithe tús leis an bPuball Gaeilge den chéad uair agus ó shin i leith bíonn "scoth na siamsaíochta" ar fáil ag na Gaeil mar chuid den bPicnic Leictreach, idir bhuíonta ceoil de gach saghas, phodchraoltaí beo, chainteanna Imbolc ("Ted Talks na Gaeilge"), ghreann, dhráma, fhilíocht agus rudaí nach iad. Bíonn grúpaí agus eagraíochtaí éagsúla ag eagrú imeachtaí ann, ó fhéilte ar nós Féile na Gealaí agus IMRAM, go leithéidí GaelGÁIRÍ, REIC agus grúpaí eile, go stáisiúin raidió pobal amhail Raidió na Life agus Raidió Fáilte.[4] Spás uathúil é an Puball a bhfuil ról lárnach aige mar mhol do phobal na Gaeilge.[5] Bhíodh An Cabaret Craiceáilte ar siúl ann go minic agus bíonn bothán Raidió Rí-Rá ann ag craoladh beo.
"Bliain na Gaeilge" a bhaist an Conradh ar 2018 agus sa bhliain sin chuir siad tús leis an dara hardán d'imeachtaí i nGaeilge ag an bPicnic.[6] Thug siad "cuireadh do lucht freastal na féile teacht ar strae sa Chollchoill, áit ina mbeidh cultúr, ceol agus teanga á gceiliúradh"[7] istoíche le ceoltóirí spleodracha amhail Kneecap, filíocht ó REIC, scéalaíocht ó Aindrias de Staic, agus neart eile.[6] Ón mbliain sin i leith tá fás agus forbairt ag teacht air.[8]
Ó 2018 i leith, mar chuid dá bhfeachtas Croí na Féile, eagraíonn an Conradh "Láthair Ghaeltachta" ina mbíonn "craic, cannaí agus comhluadar na nGael" ag an lucht campála. Iartar ar dhaoine spás a chur in áirithe roimh ré.[8]
I measc na gceoltóirí a bhí le seinm ag an bhféile ná The Cure, The Killers, Elbow, Sigur Rós, Christy Moore, Orbital, Hot Chip, The xx, Wild Beasts, Patti Smith, The Roots, Crystal Castles, Grandaddy, SBTRTK, Mmoths, Metronomy, Bat for Lashes, The Maccabees, The Horrors, Richard Hawley, Azealia Banks, Ed Sheeran, The Jezabels, Michael Kiwanuka, Gavin Friday, Van Dyke Parks, Roots Manuva, Bell X1, Dublin Gospel Choir, Glen Hansard, Grizzly Bear, Willis Earl Beal, Alabama Shakes, Tindersticks, Fatoumata Diawara, Land Lovers, Eagle and the Worm, Solar Bears, Staff Benda Bilili, Little Roy, Lanterns on the Lake, Jonathan Wilson, Baxter Dury, Cranes, Milagres, In Tua Nua, Mo Hat Mo Gheansaí, Conor Linnie agus tuilleadh nach iad.