Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Deireadh Fómhair 1899 Londain, England |
Bás | 6 Márta 1978 78 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Áit adhlactha | Reilig Naomh Fhiontain, Cill Fhionntain |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, aisteoir scannáin, comhairleoir amharclainne, aisteoir stáitse, péintéir, drámadóir |
Teangacha | An Ghaeilge |
|
Fear ildánach, aisteoir, drámadóir, gníomhaí ealaíne (nó agent artistique) agus scríbhneoir Sasanach ba ea Micheál Mac Liammóir[1] (a rugadh Alfred Willmore ar 25 Deireadh Fómhair 1899 i Londain agus a fuair bás ar 6 Márta 1978 i mBaile Átha Cliath), agus an phearsa amharclainne ba mhó in Éirinn sa 20ú haois.[2] Aithnítear inniu an Liammóireach ar dhuine de na drámadóirí is mó le rá i gcanóin liteartha na Gaeilge.[3]
Bhí cluas mhaith aige don cheol agus don fhocal labhartha; ní raibh baint ar bith ag a mhuintir le hÉirinn agus d'fhoghlaim sé Gaeilge mar dhuine fásta.
Rinne Mac Liammóir an-iarracht a fhéiniúlacht nua Ghaelach a mhúnlú. Agus é sna fichidí, bhí an Ghaeilge ar a thoil aige agus leag sé seo béim ar an bhféiniúlacht nua seo. Ba léir do mhuintir na drámaíochta in Éirinn go raibh sé ag aisteoireacht trína shaol ar fad, agus gur bhain sé leas as an nGaeilge leis an bhféiniúlacht seo a chothú agus a bhuanú.[3]
Rugadh Alfred Willmore ar 25 Deireadh Fómhair 1899 i Kensal Green, Londain (Alfred Willmore ar a theastas breithe). Phrotastúnaigh ba ea a thuismitheoirí agus d'fhás Alfred suas i Kensal Green, Londain. Ní léir go raibh aon bhaint ag a mhuintir le hÉirinn.
Páiste éachtach a bhí ann. Mar Alfred Willmore, bhí sé ar cheann de na príomhaisteoirí óga i gcomhlacht Noël Coward ar stáitse Shasana.[4] Chaith sé samhradh na bliana 1914 ar cuairt chuig a sheanaint sa Spáinn agus d’fhoghlaim Spáinnis. D’fhoghlaimeodh sé Gaeilge, Gearmáinis, Fraincis agus Iodáilis ar ball.[2]
Thosaigh sé ag foghlaim ealaíne sa Willesden Polytechnic (cé gurb í Scoil Slade is mó a luann sé féin; bréagadóir cruthanta ab ea é).
Bhí an-suim ag Willmore i bhfilíocht Yeats agus thosaigh sé ag cuardach féiniúlacht Ghaelach a bheadh feiliúnach dá spéis nua i litríocht na hÉireann.[3] Sa scoil ealaíne i Londain a casadh air Máire O’Keefe. Bhí tionchar mór aici air agus mhair a gcairdeas go bhfuair sí bás in 1927.[2][5]
Chuir aiste le Yeats faoi dhraíocht é agus d’oscail “doras mór i m’aigne”.[6] Thit Willmore faoi dhraíocht chultúr na hÉireann:[7] Chinn sé in aois a ocht mbliana déag go ndéanfadh sé Éireannach de féin.
Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i rang de chuid Chonradh na Gaeilge in Ludgate Circus. Tháinig sé go hÉirinn 26 Márta 1917 in éineachtt le Máire O’Keefe agus a máthair. Seans go raibh eagla air go gcoinscríofaí é dá bhfanadh sé i Londain.
Bhí sé ina bhall de Shinn Féin agus rinne canbhasáil do Risteárd Ó Maolchatha i mórthoghchán 1918. Timpeall an ama seo, d'aistrigh sé a ainm agus sloinne go Gaeilge. D’éirigh sé cairdiúil le Pádraic Ó Conaire agus is faoina thioncharsan a thosaigh sé ar Ghaeilge Chonnacht a labhairt.
Foilsíodh a chéad leabhar, leabhar as Gaeilge, Oidhcheannta Sidhe, sa bhliain 1922.
Nuair a buaileadh Máire O’Keefe breoite in 1921 d’imigh sé in éineacht léi chun na hEilvéise.[8] Sna 1920idí thaistil sé ar fud na hEorpa. Scríobh sé leabhar as Gaeilge sa bhliain 1929, Lá agus Oíche (rinne sé cur síos ar na turais a thug sé ar áiteanna ar nós Páras, an tSicil agus Oberammergau).[9] D’éag Máire i Menton na Fraince 7 Eanáir 1927.[2]
Ar ais in ÉIrinn in 1927, chabhraigh a chara nua, Hilton Edwards (aisteoir Sasanach eile), leis chun slacht a chur ar dhráma a bhí scríofa aige, Diarmuid and Gráinne. In earrach 1928 shocraigh Mac Liammóir gurbh é an leagan Gaeilge den dráma sin an chéad dráma a léireofaí san amharclann úrnua i nGaillimh, An Taibhdhearc, ar 27 Lúnasa 1928.[2]
Faoi dheireadh 1928 bhí an bheirt aisteoirí, Mac Liammóir agus Hilton Edwards ar ais i mBaile Átha Cliath agus é d’aidhm acu amharclann a bhunú ina mbeadh an bhéim ar dhrámaí idirnáisiúnta. Bunaíodh an Dublin Gate Theatre Company ar Oíche Nollag 1929. D’oscail siad a n-amharclann nua féin i gCearnóg Pharnell 17 Feabhra 1930.[2]
D'oibrigh Mac Liammóir i gcomhar lena pháirtí, Hilton Edwards, sa Gate an chuid eile dá shaol, agus bhí caidreamh homaighnéasach idir an bheirt acu. Caidreamh proifisiúnta agus rómánsúil a bhí idir an bheirt, caidreamh a lean ar aghaidh go dtí laethanta a mbáis.
Chaith siad beirt a saol lena chéile ar shlí a bhí inghlactha go maith ag sochaí na hÉireann.[3] Seasann scéal na beirte seo amach toisc gur ghlac sochaí na hÉireann lena gcairdeas. Mar shampla, nuair a bhásaigh an bheirt acu, ligeadh dóibh a bheith curtha in aon uaigh amháin.
Lean Mac Liammóir lena thógáil ar an bhféiniúlacht Ghaelach le linn a shaol. nuair a mhínigh sé d’iriseoirí agus do chriticeoirí gur rugadh i gContae Chorcaí é, rud nach raibh fíor. Ba léir, áfach, nach raibh éinne sásta bréag an drámadóra a scaoileadh uathu.
Ghlactaí leis go forleathan gur sa Charraig Dhubh i gCorcaigh a rugadh Willmore nuair a bhí sé beo. Ba léir, áfach, nach raibh éinne sásta bréag an drámadóra a scaoileadh uathu le linn a shaol. Is léir gur ghlac criticeoirí agus léirmheastóirí na Gaeilge agus na hÉireann le Mac Liammóir mar chineál Gaeil agus mar dhrámadóir fíorchumasach le linn a shaol.
Ní bhfuair an pobal amach an fhírinne go dtí 1990 nuair a foilsíodh beathaisnéis nua.[10]
Scríobh Mac Liammóir neart saothar i nGaeilge; dhá dhráma, dhá bhailiúchán gearrscéalta, dhá leabhar faoin aisteoireacht agus faoin amharclann maraon le leabhar filíochta.[3] Moladh iarrachtaí fileata agus liteartha an scríbhneora go hard na spéire i gcritic na Gaeilge le linn a shaol.