Ainm sa teanga dhúchais | (ta) கூசு முனிசாமி வீரப்பன் |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Koose Muniswamy Veerappan 18 Eanáir 1952 Gopinatham, An India |
Bás | 18 Deireadh Fómhair 2004 52 bliana d'aois Papparapatti, An India |
Siocair bháis | Tráma balaistíoch |
Gníomhaíocht | |
Gairm | coirpeach, dúnbhású |
Teaghlach | |
Céile | Muthulakshmi |
Robálaí, fuadaitheoir, smuigléir agus dúnmharfóir Indiach ab ea Koose Muniswamy Veerappa Goundan, nó Veerappan (18 Eanáir 1952 – 18 Deireadh Fómhair 2004). Dacoit a thugtar ar a leithéid de choirpeach san India. Nuair a bhí sé ocht mbliana déag, chuaigh sé le póitseáil agus le robálaíocht mar shlí bheatha, agus ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag fuadach daoine mór le rá agus ag éileamh airgid mar dheachú a bhfuascailte. Bhí sé ag rith damhsa taobh istigh de chríocha trí stát Indiach, mar atá, Tamil Nadu, Karnataka, agus Kerala. Bhí sé de chlú air go raibh sé cosúil le Robin Hood agus na bochtáin ag cabhrú leis in éiric na maitheasa a rinne sé dóibh, ach dealraíonn sé gurbh í an eagla ba mhó a mheall an chuidiúlacht uathu.
Mharaigh tascfhórsa speisialta na bpóilíní de chuid Stát Karnataka é ar an ochtú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 2004, i stát Tamil Nadu.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |