Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Éamon Óg de Buitléar |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 22 Eanáir 1930 Bré, Éire |
Bás | 27 Eanáir 2013 83 bliana d'aois Deilgne, Éire |
Seanadóir na hÉireann | |
25 Aibreán 1987 – 5 Iúil 1989 Téarma parlaiminte: 18ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | stiúrthóir scannán, ceoleolaí, ceoltóir, polaiteoir, scríbhneoir |
Seánra | Ceol na hÉireann |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Cairdín |
Teaghlach | |
Athair | Éamon de Buitléar |
Ba scríbhneoir, ceoltóir agus déantóir scannán Éireannach é Éamon de Buitléar (22 Eanáir, 1930 - 27 Eanáir, 2013)[1][2] nó Éamon Óg de Buitléar[3] (agus Buitléarach eile ann, 1902–1981, gaol ar bith[4]). Sa bhliain 1987, ainmníodh é mar bhall de Sheanad Éireann ag an Taoiseach, Charles Haughey chuig an 18ú Seanad Éireann.
Bhí athair Éamon i gceannas ar an gCéad Chath d’Arm na hÉireann agus níos déanaí, aide-de-camp Uachtarán na hÉireann Dubhghlas de hÍde. I gcathair na Gaillimhe a rugadh Éamon agus tógadh é i dteaghlach a labhair Gaeilge. Tháinig sé go mór faoi thionchar mhuintir Chúil Aodha i gCorcaigh go luath ina shaol agus é ar saoire ann lena athair. Is ann a d’fhoghlaim sé cuid mhór faoin dúlra agus faoin iascaireacht. Ba ansin a bhuail sé le Seán Ó Riada.[5]
Níorbh ionadh é mar sin go bhfuair sé post sé ag obair sa siopa Garnett and Keegan's and Helys sna 1940idí, ag díol fearas iascaireachta agus gránghunnaí. Bhí siopa dá chuid féin aige ar ball. .
Phós sé Laillí Lamb ón gCeathrú Rua (de shliocht Ford Madox Ford a máthair agus Charles Lamb, péintéir mórcháiliúil, a hathair).
Sna 1960dí, le Gerrit Van Gelderen, rinne an Buitléarach cláracha fiadhúlra do RTÉ. Thuil sé cáil náisiúnta mar nádúraí agus mar chraoltóir raidió agus teilifíse. B’fhéidir a rá gurbh é an clár teilifíse Amuigh faoin Spéir a chuir a ainm i mbéal phobal na hÉireann.[6][7]
Ba é stiúrthóir bainistíochta Éamon de Buitléar Ltd. é, comhlacht a rinne cláracha faisnéise teilifíse. Ba é an t-aon léiritheoir neamhspleách teilifíse in Éirinn é ag an am.
Sa bhliain 1986, bhuaigh an Buitléarach Jacob's Award dá chlár teilifíse Cois Farraige leis an Madra Uisce. Rinneadh scannáin as a chuid leabhar agus coimisiúin iomadúla ó RTÉ, BBC agus stáisiúin eile.[8]
Ceapadh é ar an bPríomh-Bhord Iascaigh sa bhliain 2005.[9] Bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann dochtúireacht oinigh (D.Sc.) air in 1991.
Bhí baint ag Éamon de Buitléar leis an gceol traidisiúnta Éireannach le Seán Ó Riada agus bhí baint aige le bunú Cheoltóirí Chualann (1960-1969).