(1963) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Deireadh Fómhair 1904 Inis Caoin, Éire |
Bás | 30 Samhain 1967 63 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Áit adhlactha | Saint Mary's Church Inniskeen Graveyard (en) |
Áit chónaithe | Contae Mhuineacháin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file, úrscéalaí |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Siblín | Peter Kavanagh |
File Éireannach as Contae Mhuineacháin ab ea Patrick Kavanagh (Pádraig Caomhánach), (21 Deireadh Fómhair 1904 - 30 Samhain 1967). Scríobh Kavanagh as Béarla, agus tá sé i measc na filí is fearr le muintir na hÉireann, de réir an nuachtáin The Irish Times sa bhliain 2000.
Ba mhór an inspioráid é saothar Kavanagh. Sampla amháin ná go raibh a dhán cáiliúil On Raglan Road seinnte ag roinnt ceoltóirí, mar shampla Van Morrison, Sinéad O'Connor, Mark Knopfler agus Luke Kelly.
Rugadh Kavanagh sa tsráidbhaile beag Inis Caoin, i gContae Mhuineacháin i 1904. Ba ghréasaí é a athair, agus chuaigh Patrick isteach sa phost céanna tar éis a chuid scoile. Ní raibh mórán suime ag an leaid óg ina chuid oideachais, agus b'fhearr leis a bheith ag imirt peil Ghaelach (d'imir Kavanagh mar chúl báire le foireann pheile Inis Chaoin). Ar feadh scór bliana, d'oibrigh sé mar fheirmeoir ar thalamh a chlainn - ag dul go dtí an margadh, an t-Aifreann agus an rince áitiúil ar a rothair gach seachtain.
Thosaigh Kavanagh ag scríobh a dhánta féin nuair a bhí sé fós ina dhéagóir. Tar éis tamaill, thosaigh sé ag seoladh a shaothar go dtí na nuachtáin áitiúla agus náisiúnta. Sa bhliain 1928, shiúl sé ó Inis Caoin go Baile Átha Cliath, agus bhuail sé le urlabhraithe ó na foilsitheoirí Macmillan’s of London. D'fhoilsigh siad a chéad leabhair, Ploughman and Other Poems sa bhliain 1936.
Tar éis tamaill, ní raibh an file óg sásta leis a shaol ar an bhfeirm, agus chuaigh sé go Londain ar feadh cúig mhí. Faoi dheireadh, chuir Kavanagh faoi i mBaile Átha Cliath. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir, ach lean sé ar aghaidh ag scríobh filíochta ag an am céanna.
Sa bhliain 1954, fuarthas amach go raibh ailse ag Kavanagh, agus b'éigean dó dul isteach san ospidéal chun a scamhóg a bhaint amach. Tháinig biseach air tar éis na hobráide, agus tháinig a inspioráid ar ais chuige. Bhí sé ábalta arís sult a bhaint as na gnáth-rudaí sa saol, agus an áilleacht atá le fáil ar fud na háite sa dúlra.
Scríobh sé dánta cáiliúla faoin gCanál Mór ag an am seo. Ansin, thosaigh Kavanagh ag fáil an meas agus an cháil a bhí tuillte aige maidir lena chuid oibre. Thug sé léachtaí i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus i SAM. Ba bhreitheamh é sna Duaiseanna Filíochta Guinness, duais a bhuaigh Seamus Heaney sa bhliain 1967.
D'éirigh Kavanagh tinn ag an chéad taispeántas dá dráma Tarry Flynn i nDún Dealgan (alcólach ab ea é). Fuair sé bás an tseachtain ina dhiaidh i mBaile Átha Cliath.
Trom ar an ól agus an tobac, baineadh scamhóg de 1954 tháinig niúmóine air & d'éag 30 Samhain 1967, 63 !
tháinig niúmóine air & fuair sé bás ar 30 Samhain 1967, 63 bliain d’aois
Tá uaigh Patrick Kavanagh i reilig Inis Caoin.