Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Aibreán 1946 78 bliana d'aois Montréal, Quebec |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Saothar ceoil, amhránaíocht, aisteoireacht agus cumadóireacht |
Gairm | ban-aisteoir, amhránaí, cumadóir |
Tréimhse oibre | 1959 – |
Seánra | Popcheol |
Teangacha | An Fhraincis agus Béarla |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Apex |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | ginettereno.com |
|
Amhránaí agus aisteoir ó Québec is ea Ginette Reno, a rugadh mar Ginette Raynault [1] ar an 28 Aibreán 1946.
Chuaigh sí i gceann amhránaíochta agus í óg go leor i gceabairéanna Montréal i dtús na 1960idí. Casadh Jean Simon uirthi sa Café de l'Est, áit a raibh comórtas amhránaíochta ar siúl aige (Les Découvertes de Jean Simon). Thug sé comhairle di i gcúrsaí ceoil agus i gceann cúpla mí rinne sí a céad thaifeadadh.
Bhí clú uirthi cheana agus í ocht mbliana déag d’aois. Chuaigh sí ar an ardán i Sasana, sa Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe. Bhí an-tóir uirthi in Québec agus rinne sí a lán ceirníní sna seascaidí.
Chuaigh sí le haisteoireacht sna 1990idí agus páirt á dhéanamh aici in Léolo, scannán de chuid Jean-Claude Lauzon. Chomh maith leis sin, rinne sí an phríomhpháirt in dhá scannán a rinne Denise Filiatrault.
Rinne sí an t-uafás ceirníní agus dlúthdhioscaí, ag déanamh níos mó ná ceann in aghaidh na bliana ó na seascaidí amach. I measc na n-amhrán dá cuid is mó a bhfuil éileamh orthu tá “Roger” et “J'aime Guy" in 1963, “La dernière valse" in 1969, "Aimez-le si fort" in 1971, "Dans la vie" i 1973, "Je t'offrirai" ("Les croissants de soleil") in 1974, "La vie" et "À ma manière" i 1977, "Toi le poète", "J'ai besoin d'un ami", "Ça va mieux", "Tu es là" agus "Je ne suis qu'une chanson" in 1979, "Quand on se donne" agus "Rouge" in 1981, "Un homme ça tient chaud" agus "J'ai besoin de parler" in 1983, "Paris Québec" agus "De plus en plus fragile" in 1985, "Ma fille" in 1986, "Ceux qui s'en vont" agus "La deuxième voix" in 1988, "L'essentiel", "Remixer ma vie" agus "Y'a des enfants" in 1991, agus "Galaxies", "L'hymne à l'amour de l'an deux mille" agus "Laissez-moi rev'nir sur terre" in 1996.
Ginette Reno - “Ne m'en veux pas’: [1]
Ginette Reno – “Un peu plus haut, un peu plus loin”: [2]
Ginette Reno – “N'oublie jamais”: [3]